Leabhair Leictreonacha,  Nuacht

Brightening of Days

Leabhar Nua Tancaí i nGaeilge, i mBéarla agus sa Chróitis le Gabriel Rosenstock agus Tomislav Maretić

Tá leabhar nua tancaí físchainteacha gona n-aistriúcháin i nGaeilge agus i mBéarla le Gabriel Rosenstock maille le leaganacha Cróitise le Tomislav Maretić le fáil saor in aisce anseo:
https://www.edocr.com/v/vmoq4ml0/gabrielrosenstock/brightening-of-days

Is é Alfred Freddy Krupa ón gCróit a rinne an ealaín dá bhfreagraíonn na tancaí.

Is é is tanca ann dán aon siolla is tríocha a scríobhtar ina aon líne amháin de ghnáth. Tancaí físchainteacha nó ekphrastic atá i dtancaí an leabhair seo sa mhéid is go bhfreagraíonn gach ceann díobh do shaothar ealaíne.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *