Athchló

“Tigh Solais na Sanguinaires” ón bhFraincis

Aistritheoir: Fiachra Éilgeach (Risteárd Ó Foghludha)
Bunteanga: Fraincis
Bunteideal: Le Phare de Sanguinaires
Údar: Alphonse Daudet
Céadfhoilsiú: Fáinne an Lae, an 25 Lúnasa 1923


Ní bhfuaireas aon néal codlata an oíche sin, ach mé i mo dhúiseacht go maidin ag “anfa aduaidh is fuadach fíochmhar.” Do bhí an muileann go léir ag cnagarnaigh, bhí na seolta réabtha ar luascadh le tolg agus an gála ag crannaíl iontu fé mar a bheadh tré tháclaí loinge i lár stoirme. Do bhí tuirling ar shlinnte de cheann an mhuilinn agus smidiríní á dhéanamh díobh ar an dtalamh. Do bhí corraí agus ceol insna crainn ghiúise a bhí ag fás go tiúbh ar a chéile ar an gcnoicín thall. Is é ba dhóigh leat ná gur i lár farraige a bhís.

Do chuir san i gcuimhne dom an díth suain do ráinig mé trí bliana ó shin agus mé ag cur fúm i dtigh solais na Sanguinaires i mbéal cuain Ajaccio, thíos ar chósta Chorsaice.

Cúinne beag aoibhinn a d’aimsíos ann chun marthana is chun uaignis.

Meabhraigh duit féin agat oileán ruaghnéitheach fé chuma an fhiántais; an tigh solais suite ar ghob de agus seantúr Genóach ar ghob eile de, mar a mbíodh nead ag an bhfiolar le mo linn-se. Cabhlach sean-ospidéil lobhar ar chiumhais na trá thíos agus é múchta ag an bhféar ar gach taobh; cumair ann chomh maith, scairteacha, carragáin mhóra, fiaghabhair, roinnt capaillíní Corsaiceacha agus a moing ar luascadh le gaoth; agus an tigh solais fá dheireadh ar bharr na faille thuas fé scamaill dhubha d’éin mhara, agus falla beag aolda ina thimpeall mar a ngabhaid na fir faireacháin ag riastáil, an túirín iarainn in airde, agus an laindéar mór i mbarr uachtair ar fad, a chuid eite sin ag soilsiú fé thaitneamh na gréine ionas go mbíonn luisne orthu i rith an lae féin. Sin é agat oileán na Sanguinaires fé mar a shamhlaigh sé domsa an oíche úd agus mé ag éisteacht le crónán na gcrann giúise. Sarar cheannaíos féin an muileann is ar an oileán aoibhinn sin a chaithinn snapanna nuair ab áil liom an t-uaigneas agus gabháil an aeir.

Ceist.

Cad a bhíodh á dhéanamh agam ansúd? A mbíonn á dhéanamh agam anso, má dhéininn an oiread san féin. Aon lá ná beadh an séideadh rómhór shuínn idir dhá charraig ar bhruach na toinne mar a bheadh duine a bhíonn ag síorbhreithniú na farraige. Nach eol daoibh an chuma aoibhinn sin? Ní bhíonn smaoineamh ar bith á dhéanamh agat agus is lú ná san a mbíonn á thaibhreamh agat. Scarann an mheabhair leat ar fad, éalaíonn sí uait, sceitheann sí. Is cuma thú nó faoileann á tumadh féin, nó an ceobhrán atá ag spréacharnaigh idir dhá thonn, nó sobal loinge atá ag síneadh i gcéin uait, nó an báidín iascaigh sin fé bhréid rua, nó an péarla úd den uisce, nó an niacha ceo sin, nó aon ní eile. Ó cad é mar aoibhneas é ar chaitheas de laethanta geala ar an oileán san le suanán is le scíth!

Aon lá a bheadh rógharbh agus ná féadfainn a bheith ar bhruach toinne is é rud a dhéininn ná cur fúm i gclós an ospidéil, clóisín gruama ina raibh tréanbholaithe rós Mhuire is mormóint ann; nuair a bhínn sínte ansúd dom féin i gcoinne píosa seanfalla is ea a ligfinn srian lem smaointe fén mboganáil meirbhe is duaircis a ghabhadh le grian insna cillíní cloch go raibh gach cliathán díobh oscailte ar nós tuamaí na sean. Do chloisinn ó am go ham an buille á bhualadh ar an ndoras, nó an bhonnóg insa bhféar. Is é a bhíodh ann ná minseach gabhair ag teacht sa bhfothain, ag iníor di féin. Do stadadh sí go hobann nuair a chíodh sí mise agus do chuirfeadh í féin i dtaca go buacach os mo chomhair agus na hadharca ar deil aici, agus í do mo bhreithniú le neamhchúiseacht an domhain.

Gheibhinn glaoch chun dinnéir, ar thrumpa an lucht faire tuairim a cúig a chlog. Do ghabhainn suas cosáinín tríd an scairt, ag strapadóireacht in airde go lomdíreach os cionn mara, dhéininn ar an dtigh solais ar mo shocaireacht agus níl coiscéim dá dtugainn ná go bhféachainn siar ar an raidhse mhór áile is solais a dhealraíodh dom a bheith ag dul i leithne de réir mar bhínn féin ag teacht i ngaire bairr bhinne.

Áilneacht.

Ní raibh aon teorainn le háilneacht an mhullaigh. Samhlaíonn sé dom go bhfuilim fós ag breathnú ar an tseomra beag bídh sin agus a urlár de leaca móra, agus a líneáil den dair, an t-anraith ansúd ar clár agus gal as, an doras mór ar leathadh amach ar an bportfhalla aolda agus taitneamh luí gréine isteach ann. Bhíodh na fir faire ag feitheamh liom go suímis chun boird. Triúr acu a bhí ann, Mairseilleach agus beirt Chorsaiceach; fir bheaga fhéasógacha ba ea iad go léir, agus dreach meirgeach filltíneach ar gach duine acu, an sórt céanna cába de chraiceann gabhair um gach fear, ach i gcúrsaí iompair is intinne bhíodar chomh míchosúil lena chéile is a d’fhéadfaidís a bheith.

Do b’fhuiris d’éinne an difear atá idir an dá chine a fheiscint láithreach bonn ach a n-imeachtaí lae a thabhairt fé ndeara. Fear críochnúil aibí ab ea an Mairseilleach, agus é ar saothar i gcónaí, ag síorobair, nó ag siúl ar fud an oileáin ó mhaidin go hoíche, nó ag gairneoireacht nó ag iascaireacht nó ag bailiú ubh as neadracha faoileann, nó ag teacht aniar aduaidh ar ghabhair sa scairt chun iad a chrú; agus ní théadh lagadh air ach ag casadh le hanlann nó le hanraith éigin a dhéanamh.

Corsacaigh

Ach maidir leis na Corsacaigh, ní dhéinidís faic na ngrás seachas a gcuid oibre lae; feidhmeannaigh ba ea iad ina dtuairim féin; insa chistin is ea chaithidís an lá go léir, agus iad faid gach faid ag imirt ar scuab, gan stad ar domhan ach chun a bpíopaí a dheargadh go mórchúiseach, agus duilleoga móra den tobac á ghearradh acu le siosúr.

Ach ba dheas macánta nádúrtha an dream iad a dtriúr, agus is iad a bhí lán de chineáltas lena nduine aíochta bíodh nach foláir nó cheapadar gurbh ait an fear é.

Ní nach ionadh san! Tar éis é a theacht agus é féin a shá isteach i dtigh solais mar phléisiúr! Mar, ba rófhada leo féin a gcuid laethanta ann, agus is ar gach duine acu a bhíodh an t-áthas nuair a thagadh a bhabhta chun dul ar míntír. Uair sa mhí a bhuaileadh an t-ádh san iad in aimsir shoininne. Deich lá ar míntír in aghaidh deich lá fichead sa tigh solais, b’in í an riail, ach ní fhónfadh aon riail i gcomhair an gheimhridh ná d’aimsir dhoininne.

Bíd na Sanguinaires bán le sobal toinne nuair a mhoglann an mhuir, agus bíonn ar an lucht faire go léir fanacht ansúd istigh dhá nó trí mhí as a chéile agus san féin, ar uairibh, gan bhail gan aird.  

Séacó

“—Seo rud do ráinig domsa cúig bliana ó shin, tráthnóna mar seo sa gheimhreadh, arsa seanBhartóile liom agus sinn ar ár ndinnéar. Ní raibh anso ach mé féin is comrádaí darbh ainm Séacó. Bhí an chuid eile ar míntír, ní cuimhin liom an amhlaidh a bhíodar ar saoirse nó gan a bheith ar fónamh. Bhíomar araon ar ár socracht ag críochnú an bhéile. Bhí deireadh aigesean, d’fhéach sé i leith orm féin d’urchar, agus dealramh an-ghreannmhar ina shúile, agus do thit ina chnap i ndiaidh a chinn, agus a dhá ghéag leata roimhe amach. Do ritheas anonn féna dhéin, do bhaineas croitheadh as, do ghlaos as a ainm air: “—a Shé… a Shé!”

Ní raibh gíog as! Bhí sé tar éis bháis… Ní miste duit a rá ná gurbh ormsa a bhí an t-imní! Bhíos i riocht chreatha ar feadh uair an chloig, anso i dteannta an chorpáin agus gan a fhios againn cad ab fhearr dom a dhéanamh, chun gur bhuail an smaoineamh san i mo cheann: ‘Cad mar gheall ar an léas!’ Ní raibh d’uain agam ach dul suas láithreach agus é a lasadh, mar bhí an oíche ann cheana féin. Agus a leithéid eile d’oíche! Níorbh é a nglór dílis a bhí ag muir ná ag gaoth. Cheapas gach aon nóiméad gur duine éigin a bhí ar an staighre, mo ghlaoch. Cuir leis sin an fiabhras agus an tart! Ach ní hamhlaidh a mheasfá dom teacht anuas. Ní ligfeadh eagla dom san a dhéanamh, eagla roimh an gcorpán. Ach do chas mo mhisneach orm le héirí lae. Do shíneas mo chomrádaí ar a leabaidh féin; do leathas braillín anuas air, chuireas paidir bheag lena anam, agus do luíos láithreach ar an scéal a fhógairt i gcéin ar na comharthaí baoil.

“Do ráinig don mhuir a bheith an-gharbh thar barr; níor chabhair dom a bheith ag glaoch is ag glaoch is ag síorghlaoch; ní tháinig éinne. B’iúd é mise insa tigh solais anso i m’aonar i dteannta chorpán Shéascó bhoicht, agus ag Dia amháin a bhí a fhios cad é an fhaid a bheinn ar an aiste sin. Do mheasas é choimeád láimh liom chun go dtagadh an long; ach ba léir dom i gcionn trí lá ná tiocfadh liom é choinneáil níos sia. Cad a bhí le déanamh agam? É a chur? Do bhí an charraig róchrua le rómhar; tá mórchuid fiach dubh ar an oileán agus ba thrua aon Chríostaí a fhágaint fúthu. Do bheartaíos ansan é a iompar liom síos agus é a leagadh i gcillín de chillíní an tseanospidéil. Do chaitheas tráthnóna ina iomláine ar an obair dhuairc sin, agus táim a rá leat gur chuige nár mhór dom roinnt mhaith misnigh… Féach! Níl aon tráthnóna a ngabhaim an taobh san den oileán nuair a bhíonn gála ann ná go samhlaíonn dom corpán a bheith lem ghualainn i gcónaí.”

SeanBhartóile bocht! Do bhí allas maoile anuas leis agus gan é ach ag insint an scéil.  

Fothram.

Seanchas den tsórt san a bhí againn a fhaid is a bhíomar ar ár mbéile: um an dtigh solais, an mhuir, eachtraí ar raiceanna, scéalta um buaiceallaigh Chorsaice. An té a bhí chun bheith ag faire ar an gcéad tráth an oíche sin do las sé a pháideog, mar do bhí titim oíche ann cheana féin, do rug ar a phíopa agus ar a bhuidéilín agus ar an leabhar mhór san Plútarc, b’in a raibh de leabhair sa tigh solais, agus amach leis, an cúldoras. Ba ghearr gur chualathas an fothram ar fud an tí ag slabhraí is ag taclaí, agus ag meáchain mhóra á thógáil, agus an clog á chur ar inneall.

Bhíos-sa ag gabháil amach an uair sin chun suí ar an bportfhalla. An ghrian a bhí an-íseal cheana féin, ag dul fé di, do ghluais sí ansan níos mire is níos mire fós fé dhéin cothrom na toinne. Do bhí treise ag teacht insa ghaoth agus bhí an t-oileán ag dul i bpurpaire. Do ghabh éan mór os mo chionn le tolg; is é bhí ann ná an fiolar a chónaíonn sa túr Genóach, agus é ag casadh abhaile dó féin i gcomhair na hoíche. Do bhí ceo na farraige ag éirí in ionad a chéile. Ba róghearr ina dhiaidh san ná raibh le feiscint ach an sceimheal bán sobail a bhí timpeall ar an oileán. Do shoilsigh mórthuile de sholas bhreá os mo chionn d’urchar. An léas a bhí ar lasadh. Ar an muir mórthimpeall a bhí na gathanna gile dírithe, rud a d’fhág an t-oileán fé scáth, agus bhíos-sa ansúd i ndoircheacht na hoíche agus brónna solais ag gabháil tharam ina gcuarda gan a dhéanamh ach luí orm ar éigean. Ach do chuaigh an ghaoth i dtréise, ionas nárbh foláir dom filleadh isteach. Do ghluaiseas liom de lámhancán, do dhúnas an doras mór im dhiaidh agus do dhaingníos leis na barraí iarainn é; do chuireas díom ansan, ag síorlámhancán, agus do ghabhas in airde an staighre beag iarainn a bhí ag crith is ag cnagarnaigh fé mo chosa, gur shroiseas mullach an tí. Do bhí solas éigin ansúd ar aon chuma.

An Fear Faire.

Beartaigh duit féin agat lampa mór millteach fé shé shraitheanna de bhuaiceas, cliatháin an laindéir ag casadh timpeall air sin go righin réidh, bró mhór sholais i gcuid de na cliatháin sin agus an chuid eile iompaithe i dtreo na fuinneoige fothanta. Do caochadh mé leis an loise ar mo dhul isteach dom. Bhí mo cheann ina bhulla báisín go cionn tamaill ag na copair go léir, is na stáin, is na plátaí den bhfionniarann agus na fallaí criostail a bhí ag síorchasadh ina gciorcail mhóra gorma, agus ag an luisne go léir agus ag gliogar na soilse.

Ach do chuaigh mo shúil i dtaithí an bhaill i ndiaidh a chéile, agus do shuíos ag bun an lampa féin i dteannta an fhir faire agus an leabhar úd Plutarc á léamh in ard a ghutha aige ar eagla a chodladh a éalú air.

Ní raibh amuigh ach an duifean is an t-aigéan. Do bhí gach aon chrónán is gach aon liú ag an ngaoth agus í ag séideadh le mire i gcoinne an bhalcóinín a bhí ag síorchasadh timpeall ar fhuinneog an laindéir. Cnagann an tigh solais go léir agus cuireann an mhuir géim aisti. Is geall le fuaim ghunna mhóir tuargaint na toinne i gcoinne na gcarraigeacha thíos ag gob an oileáin. Ba dhóigh leat gur méar duine saolta a bhuaileann ar uairibh ar an bhfuinneog: éan éigin de na héin oíche atá tar éis a cheann a bhriseadh ar an gcriostal. Níl insa laindéar lonrach te ach glór na lasrach, an fhuaim a dhéanann an braon íle ag sileadh anuas di, an fothram ó shíneadh an tslabhra: agus an síorghuth daonna thuas ar urléamh bheatha Dhemetruis de Phalére.

D’éirigh an fear faire ina sheasamh ar uair an mheán oíche, d’fhéach athuair ar a chuid bhuaiceas, agus anuas linn. Do theagmhaigh fear an dara tráth linn ar an staighre, eisean ag dul in airde agus é ag cuimilt a shúile; beireann sé leis an buidéilín agus an leabhar úd Plutarc. Sara dtéimis ag triall ar ár leabaithe gabhaimid isteach sa tseomra íochtair mar a bhfuil an-chuid slabhraí, meáchain mhóra, dabhcha den stán, agus córdaí cnáibe, agus insa leabhar mór a bhíonn ann ar síorleathadh scríobhann an fear faire, fé sholas a pháideoige, na focail seo:

Uair an mheán oíche; Gála ann. Gairfean ar muir; long i lár locha.

Is féidir an leagan Fraincise a fháil anseo.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *