Nuacht

TURAS / PILGRIMAGETIMEJOURNEY

Ócáid bheo ar líne saor in aisce mar chuid d’fhéile Imram

Dé Domhnaigh 12 Nollaig ar 8pm

Baile Átha Cliath, Dún Laoghaire, Cill Mhantáin agus Ríocht ársa Chualann a spreagann saothar gleoite seo Rody Gorman, tírdhreach agus cuimhní fite fuaite ina chéile. Tugtar ar imram sinn ar fharraige focal ó Mhuilte Uí Bheoláin agus Droichead Portobello i gcroílár na hardchathrach, via tránna Chuas an Ghainimh agus Rinn na Mara, go dtí sliabh eibhir Chipiúr agus lochanna Chill Mhantáin. Machnamh ar aislingí na hóige atá sa seó cumasach seo, le híomhánna scaileáin ó Mhargaret Lonergan agus fuaimdhreacha beo á gcruthú agus á seinm ag Seán McElaine.

Is féidir ticéid a chur in áirithint anseo

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *