Athchló

Aighneas na Madraí

Aistritheoir: Seán Ó Gruagáin
Bunteanga: Fraincis
Céadfhoilsiú: Fáinne an Lae, an 6 agus an 13 Márta 1936

Bíodh is nach bhfuil na cait go léir ar comhdhath, tá cosúlacht mhór eatarthu go léir sa mhéid so: go bhfuil an dúil ó chroí acu go léir sa luichín agus in san mblúire feola agus in san mbraoinín bainne. Má tá eolas agat ar cheann acu, tá eolas agat orthu go léir.

Ní mar sin do na madraí. Is iomaí cineál ann díobh, tá béasa éagsúla acu go léir. Bíd éadmhar le chéile, leis, agus is dóigh le gach madra agus gadhar díobh gurb é féin an té is mó tairbhe.

Bhí fear saibhir ina chónaí i gCathair Chorcaí uair. Fear mór madraí ba ea é. Ba í a shlí bheatha a bheith ag ceannach madraí agus á n-athdhíol. Bhí cró mór aige ina gcomhair.

Ó am go ham do scaoileadh sé amach sa chlós ag tógáil an aeir iad. Bhíodar amuigh mar sin lá, agus má bhí, d’éirigh an diachair d’aighneas eatarthu um cheist a dtairbhe don tsaol mhór.

Seanmhadra críonna a chuir tosach air, mar aighneas. Shíl sé, as fad agus dílseacht a sheirbhíse, gur leis féin gan agó, a mholfaí an chraobh, agus bhí fonn dá réir air go socrófaí an cheist go deo.

“Ach cé a dhéanfaidh an moladh?” arsa smuilcín beag de choileán.

“Ár máistir, dar fia! Is é a dhéanfaidh é go canta,” arsa maiste mór. “Ó is é atá ár ndíol is é is fearr a thuigeann cad is fiú gach duine againn.”

“Ní mar a chéile luach agus tairbhe,” arsa madra an aoire.

Thuig gach éinne sa láthair nach raibh an chaint sin gan fód uirthi, ach cad a bhí le déanamh? Sa deireadh thiar thall do socraíodh an cheist a fhágáil faoin Máistir.

Mar sin a rinneadh. Cuireadh fios air. Tháinig sé agus do shuigh sé ar shuíochán ard ann ar nós breithimh. Do chuir an madra críonna fáth an aighnis os a chomhair agus d’iarr air moladh a dhéanamh eatarthu. Bhí sé sásta. Thóg sé amach a phíopa agus bhí sé á chaitheamh dó féin. D’iarr an madra le cleas cead cainte agus fuair; d’éirigh sé, do sháigh a cheann in aer agus seo mar a chuir sé dhe:

“Is madra le cleas mise,” ar sé go huaibhreach. “Níl mo shárú sa cheird sin. Tá eolas ar an aibítir, agus tá eolas ar na cártaí imeartha agam. Má deirtear liom mo lapa a bhualadh ar chárta áirithe acu – is mé a dhéanann gan mhoill gan mhearbhall é.

In san circis dom, déanaim cleasa a chuireann ionadh agus alltacht ar an lucht amhairc. Tugaid moladh dhom dá réir. Nuair a bhíonn deireadh agam ann agus mé ag imeacht, bíd fiáin i mo dhiaidh agus gach aon bhéic acu chugam filleadh agus leanúint de na cleasa. Ar na hainmhithe go léir níl éinne is mó tairbhe dá mháistir ná mé, óir is mise a shlí bheatha: is mise a chothaíonn é.”

“Dá mba mise thusa d’éistfinn,” arsa an madra faire, “agus gan an dúthaigh a bheith ar stealladh mhagaidh fúm! A gcloistí é, a chairde, agus é ag maíomh as lucht meisce a bhréagadh agus as lucht díomhaointis a chothú! Ba rud éigin dó a bheith ag maíomh dá mba é mo ghnósa a bheadh á dhéanamh aige. Bíodh mo mháistir-se amuigh nó i mbaile, caithimse a bheith i gcónaí timpeall an tí ag tabhairt aire dá chuid, go mór mór istoíche ar eagal lucht foghla. Agus má ráiníonn a leithéidí timpeall na háite agus go gcloisid mo ghlór is é is fada leo a gcosa go mbíd i bhfad uaim.”

“Fastaím, a dhuine!” arsa madra an aoire. “Nuair a bhíonn tusa ag sceamhaíl ar ghadaithe, dar leat, ní gadaithe a bhíonn in aon chor ann ach daoine macánta ag dul i mbun a ngnóthaí. Agus i bpáirt mhuintir tí do mháistir, is mó a chuirir codladh na hoíche amuigh orthu le do chuid amhastraí ná a mhalairt. Ní mar sin domhsa. Is fíor gur tusa is airde glór den bheirt againn, ach ar a shon sin féin is mó agus is fearr de shaothar a bhíonn tite liomsa ná leatsa i ndeireadh lae. Ní labhraím chomh hard leat, ach más ea, is fearr go mór an toradh a thugtar ar mo ghlór ná ar do chuidse uaille. Is deas réidh cneasta agus gan iomad fústair a chasaim mo thréad chun buaile nuair a thagann an t-am chuige. Má théann bó nó caora acu amú ar mo mháistir mise a chuirtear ar a lorg agus is annamh a théann díom iad a aimsiú agus a chasadh abhaile arís. Mar a chéile ag dul ar an aonach le scata caorach dom féin agus do mo mháistir, na caoirigh a mbíonn fonn titim siar orthu is mise a bhrostaíonn agus a chuireann dithneas leo. Má thaispeánann an mactíre é féin, in ionad a bheith ag glamaíl gan aird air mar thusa amach as poll nó laistiar d’fhalla, éirím den scrabhadh sin ina scornach agus tachtaim é ar an láthair sin.”

Bhí madra mór millteach ón Tír Nua ag éisteacht leis. Chuir sé drann de gháire air féin agus do chuir teanga mhór leathan dhearg amach faoin “gcábóigín ón tuaith.”

“Tachtair,” ar seisean, “tachtair, muna mbíonn tosach aige siúd ort. Rud is dóichí ná a chéile óir, i mo bhriatharsa ní fhéachair mar mhadra a thachtfadh a lán.” Agus thug an seibineach amharc an-tarcaisneach ar an té ar thagair a chaint dó. Do las sé go bun na gcluas, do thit a cheann agus dóbair go leagfadh sé le neart náire. Bhí cuid de na madraí sa láthair agus nuair a thugadar seo faoi deara do chromadar ar gháire. Má chrom, do thóg an cábóigín a cheann go mear, thug súil ar an lucht cnáide ba mheasa ná próiseas. Bhí faghairt in sna súile aige, agus ba léir do chách go raibh sé ag brúchtaíl le neart feirge.

Lena linn sin, d’éirigh an breitheamh.

“Ní ceart,” ar seisean, “d’aon chomórtasóir tarcaisne a thabhairt dá chéile agus éinne a bheidh ciontach sa ní sin; is é féin a bheidh thíos leis ar ball nuair a bheifí ag moladh na duaise, gur cheart do gach iomaitheoir a chúis a phlé go modhúil, fearúil, macánta de réir na rialach a leanann a leithéid de chomórtas.”

Do chúb an seibineach chuige faoin sáiteán san an bhreithimh agus do dhorchaigh a ghnúis. Bhí an-fhearg air; agus b’fhuiris a aithint go raibh, ach do bhrúigh sé faoi í. Is é an “cabóigín ón tuaith” a bhí buíoch den bhreitheamh uime sin agus ní raibh scáth ná eagal air an méid sin a chur in iúl dó, le bagairt súl agus cinn.

Bhí an t-áthas go léir, leis, air nuair a chuala sé maidrín mín laistiar de á rá i gcogar le madra eile “gur mhaith an ceart agus gur mithid an buaileam sciath san a chur ina chónaí.”

Is dócha, leis, go raibh roinnt eile sa láthair agus nár mhór leo don seibineach a bhfuair sé ach amháin gur cheapadar nárbh fhearr “caint ná éisteacht.”

Ní raibh deireadh ráite ag an seibineach fós, ámh. Chuir sé dhe arís mar a leanas:

“Beag an baol domhsa an mactíre tabhairt fúm. Ní leomhfadh sé é. Tá a mhalairt de chiall aige. Tá seanaithne aige orm; aithne ná dearúdfaidh sé go luath, gabhaimse orm. Tá a fhios go dóite aige nach é is fearr a thiocfadh as an gcaismirt liomsa,” ar sé go huaibhreach.

“Chuala daoine ag maíomh anseo,” ar seisean ag maíomh as anam an bheithigh a shaoradh.

“Ní bhímse sásta leis sin. Saoraim anam an duine chomh maith. Má thiteann mo mháistir isteach san abhainn nó san fharraige seo liom de léim isteach ina dhiaidh á sciobadh ón mbás. Cá bhfuil an té úd eadraibh a d’fhéadfadh an gníomh san a dhéanamh, há?” ar seisean agus d’fhéach sé ina thimpeall go mustrach. “Níl an duine sin anseo,” ar sé, agus an mhóráil ina ghlór. “Agus do shaorfainn anam éinne eile sa chás céanna chomh maith le hanam an mháistir. Agus má chím duine de mo threibh féin sa chontúirt chéanna an dóigh libh go scaoilim leis isteach i mbéal an bháis? Do b’fhada uaim é go deimhin. Neosfad duitse, a thiarna breitheamh, cad a thit amach dom an lá eile. Bhíos ag gabháil thar dhroichead. Droichead cleath ba ea é, agus é cúng. Bhí cábóigín de mhaistín ag gabháil i mo choinne air. (Do chuir an maistín a bhí i láthair cluas air féin.) Thug siúd tarcaisne dhom. Rugas air agus thugas tachtadh maith dhó. Leis an bhfáisceadh a thugas dó, do thit sé isteach san abhainn uaim. Bhí sé á bhádh mar ní raibh ann é féin a shábháil i mo dhiaidh. Thuigeas go mbáfaí é dá scaoiltí leis. Cad a dheineas? An amhlaidh a scaoileas chun a bháis é? Ní hea in aon chor. B’fhada uaim, cé nach raibh a mhalairt tuillte aige uaim. Chuireas an tarcaisne úd as mo chroí agus as m’aigne ar fad. Dheineas neamhní de. Dheineas an rud ba mhaith liom go ndéanfaí liom héin ina leithéid de chás. Isteach liom de phreab sa tsruth ina dhiaidh. Rugas air le hobair mhór agus thugas chun talaimh é go slán sábháilte. Cad a déarfaí leis sin mar ghníomh, há?

Do rith monabhair úra agus mholta tríd an slua ceithre-chosach san.

“Tá leis, tá leis: is é a gheobhaidh an chraobh” a dúradh os íseal. D’éirigh an breitheamh. “Bhfuil deireadh ráite agat?” ar seisean.

“Níl fós, a Thiarna,” ar seisean, “ach ní fada uaim.”

“Sea, lean leat, ach ná déan paidir chapaill de.”

Do chuir an madra mór de arís mar a leanas:

“I measc an chine dhaonna,” ar sé “níl éinne is mó a mholtar leis, ná is airde cáil ná an té a dhéanann dá chomhdhuine an gníomh a dhéanaimse do mo chine féin, .i. anam a shaoradh. Is air a bhronntar Crois an Ghaisce. Measaim dá réir sin, ná fuil éinne anseo is fearr ceart ná teideal chun an duais ná mé.”

Leis sin do shuigh ar a ghogaide agus d’fhéach suas ar an mbreitheamh. Má shuigh, d’éirigh madra an aoire de phreab–

“Ponc eagair, a Uachtaráin,” ar seisean. “Ponc eagair!”

“Cad é an ponc eagair é?” arsa an breitheamh go sollúnta.

“Tá, a Uachtaráin,” ar seisean agus fearg ina ghlór – “gur dóigh le cuid againn anseo” agus thug sé amharc ina thimpeall – “nach ceart d’iomaitheoirí cainteanna fada a dhéanamh, agus gur cheart, sar a dtéitear níos sia leis an scéal, gur cheart socrú ar an oiread san aimsire a thabhairt do gach iomaitheoir agus gan ligean dó dul thairis – is cuma cé hé féin.”

“Tá an ceart agat, tá an ceart agat,” arsa cór de ghuthanna madraí, agus iad ag bagairt a gceann, chun a chur in iúl don bhreitheamh go rabhadar ar aon aigne le madra an aoire.

“Tá go maith. Bíodh sé mar sin, bíodh sé mar sin!” arsa an breitheamh ag tógáil a chloigín as póca a veiste agus á iniúchadh. “Bíodh cúig nóiméad an duine agaibh chun bhur gcúis a phlé – agus ná téitear thairis: tá cloigín buailte agamsa anseo agus cuirfead in iúl do gach éinne nuair a bheidh an t-am caite aige. Bhfuil sibh sásta?”

“Táimid, táimid,” arsa an na madraí go léir.

“Tá go maith,” arsa an breitheamh. “Labhróidh madra na mban uasal anois.”

D’éirigh sé. Bhí faobhar ar an ghuth aige.

“Tá an tír-nuach tar éis ardmhaímh a dhéanamh anseo inniu,” ar sé. “Ní mór nach mar a chéile an rud a dúirt sé agus a rá ná fuil ar an saol chun an chine dhaonna a shábháil ó bhádh ach é féin amháin. Ach is é a deirimse leis go bhfuil an cine daonna bog ar a chuid cabhrach mar go dtagann leo go maith iad féin a shábháil dá éagmais. Agus bíodh go sciobann sé an fodhuine sraoilleach as an gcontúirt fo-uair conas a chaitheann sé an chuid eile dá chuid aimsire? Alpann sé oiread agus ná híosfadh ceathrar againne. Tógann sé suas slí seisir sa tigh, bíonn sé sa tslí ar gach éinne agus cuireann sé an tigh trína chéile. “I mo thaobhsa féin de,” ar seisean, “mura ndéanaim aon an-ghaisce mór féin, tugaim taitneamh do mo mháistreás ó mhaidin go hoíche. Is mise a peata. Ní mhairfeadh sí i mo dhiaidh dá bhfaighinn bás agus –”

Chuir an gadhar fiaigh isteach air anseo — “An fada eile a ligfear leis an gcadrálaí seo?” ar seisean. “Níor thuigeas-sa riamh gur gníomh in-mholta a bheith ag déanamh amadáin don aimsir do lucht leisce agus díomhaointis. Féach sinne; gadhair fiaigh; ní ar shínteáin ná iomaidh bhoga a chaitheann muidne ár saol ná ar ghlúine tiarnaí móra ná i mbinn bantiarnaí – ach sa pháirc nó sa choill. Má bhíonn saol suairc ag an gcine daonna bíodh a bhuíochas san orainne, gadhair fiaigh, mar is sinne a chuireann togha na feola ar bord aige. Dá bhrí sin ní fheicimse éinne anseo is fearr teideal chun an chraobh ná sinn.”

“Is mór an dul amú atá ort,” arsa madra na saighdiúirí. “Is don duine a thugann aghaidh ar an mbás atá an chraobh ag dul, agus ní d’éinne eile, is cuma cé hé. Preabann an Tír-Nuach isteach san uisce ach más ea, is eol dó go dian mhaith ná rachaidh sé go tóin poill ná baol air; ní cúrsaí contúirte dhó é. I bpáirt an ghadhair fhiaigh, as grá don spórt a fhiachann sé, ach sinne: madraí an reisimint, bíonn ár n-anam i gcónaí i gcontúirt. Nuair a théimid sa chath, ní bhíonn a fhios againn an dtiocfaimid choíche as. Sa champa, agus sa chábán dúinn, bainimid an tuirse de na saighdiúirí. Agus má ghointear iad féacham ina ndiaidh, fanaimid farstu ag téamh a mball beatha, má thitid i laige, agus ag tabhairt bídh dóibh nuair a thagaid chucu féin. Agus má bhíonn an bás i ndán dóibh, sea — ní bhfaighid bás ina n-aonair ar chuma ar bith, ní thréigfear iad agus nuair a chuirfear iad caoinfimid ar fhód a mbáis iad.”

Bhí madraí eile sa cuideachta agus fonn cainte orthu ach do bhrúdar fúthu é.

Thuig an breitheamh go raibh an t-am ann le breithiúnas a thabhairt agus d’éirigh sé: “Gach duine dár labhair anseo,” ar seisean, “do shéideadar a dtroimpéid féin go hard, agus ba bheag acu íde béil dá ghéireacht a thabhairt dá gcomhchineál. Ach deirimse leo go dtiocfadh le duine é héin a mholadh gan duine eile a cháineadh (abair é). Tá bhur mbua agus bhur dtairbhe féin ag baint libh go léir maidir leis an gcine daonna. Ach ní mar a chéile a fhónann sibh dóibh. Baineann sé tairbhe as cuid agaibh mar chabhair dó ina shaothair, baineann sé ábhar grinn as cuid eile agaibh – agus mar sin de. Tuigeann sibh a chairde, as an méid sin gur de réir an chuma ina n-oireann sibh don duine a thoghann sé sibh. Dar ndóigh, cén gnó a bheadh ag an dathachán (fear agus dathach air) de ghadhar fiaigh? Agus mar an gcéanna cá tairbhe an madra le cleas don fhiagaí? Cad é mar obair domhsa a bheith bhur dtoghadh mar sin? Ní bheidh aon chiall leis, mar an toghadh a dhéanfainnse ní aontódh an saol leis. Mar ní mar a chéile an aigne atá ag an gcine daonna um an gceist. Ach má chuirtí chuige mé agus go gcaithfead an rogha a dhéanamh cóir, cam, díreach. Sea, caithid súil síos ansin sa chúinne ar an maidrín bocht atá ina chaonaí aonair agus é ag caoineadh a dhea-mháistir, a cailleadh air.”

Thug a raibh sa láthair amharc mar a dúradh leo. Maidrín le dall bocht a bhí ann. A cheann faoi. Cruth na h-ainnise air.  Gan aird aige ar rud ar bith ach é ag caoineadh is ag caoineadh is ag caoineadh gan faoiseamh.

“Ní dhéanann siúd maíomh ar bith,” arsa an breitheamh. “Ní luath ná mar a thugann sé tarcaisne d’éinne. Caitheann sé a shaol, go hiomlán, i seirbhís a mháistir bhoicht mhí-ábharaigh, agus muna mbeadh é ní fhéadfadh sé ainnise agus anró a dhuairc-shaoil a fhulaingt. Is madra cóir é. Is madra fónta é. Is tairbheach as meon an madra é. Is gá saolta é.”

D’éist a raibh láitheach go cruinn le gach focal riamh dá ndúirt an breitheamh leo. Thuigeadar, in ainneoin a gcuid mustair, nár sháraigh aon ghníomh le carthanacht gníomh an té a chaitheann a shaol go tugtha agus go hiomlán i seirbhís an duine mhí-ábharaigh go mbíonn máchail nó ainimh mór éigin aigne nó coirp air. Thuigeadar agus d’fhanadar ina dtost. Ba é ab fhearr a d’oir dóibh leis é.

Leave a Reply

Your email address will not be published.