Athchló

“An Bacach” ón bhFraincis

Aistritheoir: Riobárd Ó Brolcháin
Bunteanga: Fraincis
Bunteideal: Le Gueux
Údar: Guy de Maupassant
Céadfhoilsiú: Misneach, an 8 Bealtaine 1920


An Bacach

“B’ionadh le cách é.”

Aistriú é seo ar scéal a cheap Guy de Maupassant

I

Ní raibh sé ina bhacach i gcónaí. Bhí sé chomh maith le cách, tráth dá shaol, dá ainnise a chás ina dhiaidh.

Carráiste a leag é agus do bhain lúth a chos de agus gan ach cúig bliana déag slán aige. B’éigean dó dul a d’iarraidh déirce ar fud na dúthaí ina dhiaidh sin, agus dhá mhaide croise faoina dhá ascaill aige.

Níorbh fhios cér díobh é. Sagart do fuair an naíonán bocht sáite i ndígh cois cloí Oíche Shamhna agus do bhaist “Nioclás” air. Bhí trua ag na daoine dó agus do beathaíodh é ar chuma éigin; ach níor cuireadh aon tabhairt suas air. An báicéir a thug cúpla gloine branda dó faoi ndear é a bheith ina máirtíneach agus ina straeire díomhaoin. Cúis mhagaidh ab ea an scéal, dar le muintir na dúthaí úd. Níor múineadh de cheird dó ach a lámh a shíneadh amach a d’iarraidh déirce.

Bhí bean uasal áirithe sa dúthaigh a thug cead dó codladh a dhéanamh ar bheart easrach i gcró a bhí in aice leis an tigh, agus nuair a bhíodh an scéal ródhian air gheibheadh sé crústa aráin agus braoinín tae i gcistin an tí mhóir. Rud eile, thugadh an tseanbhean roinnt pinginí dó uaireanta. Ach fuair sí bás faoi dheireadh.

Ba bheag déirc le fail aige i ndeireadh na dála. Bhí an iomad aithne air. Bhí muintir na dúthaí cortha de bheith ag féachaint air, le daicheadh bliain anuas, faoina ghiobail agus faoina mhaidí croise. Ach níor rith sé chuige aghaidh a thabhairt ar dhúthaigh eile. Ní raibh eolas ná taithí aige ar aon áit ar domhan taobh amuigh den cheantar ar chaith sé a shaol ann. Níor chuimhnigh sé riamh ar dhul thar teorainn an cheantair a d’iarraidh déirce.

Níorbh fhiosach dó cad é an saghas domhain a bhí ann thar theorainneacha an cheantair go raibh taithí aige air. Nuair a deireadh lucht na tuaithe leis: “Cad ina thaobh ná tugann tú aghaidh ar dhúthaigh éigin eile, agus gan a bheith dár mbodhradh i gcónaí?” Ní thugadh sé aon fhreagra orthu ach bhailíodh sé leis agus a cheann faoi. Bhíodh eagla air roimh dhúichí do-eolais – an eagla ba dhual do dhuine go mbíonn na céadta rud ag cur eagla air – stróinséirí, bodaigh dhúra, lucht an mhagaidh, lucht na mioscaise agus na píléirí. Bhíodh eagla an domhain air roimh na píléirí; chomh luath is a chíodh sé chuige iad, theitheadh sé i bhfolach taobh thiar de scairt drisleach nó cloí cloch.

Nuair a leagadh sé súil ar éide na bpíléirí, thagadh lúth neamhchoitianta chuige – an lúth ba dhual d’ainmhí fiáin agus é i gcruachás. Caitheadh sé a mhaidí croise dhe, shíneadh ar a bhéal faoi fan an talaimh, nó dheineadh crúnca dhe féin, mar a dhéanfadh giorria agus tóir ina dhiaidh.

Ní raibh sé riamh in aimhréidh leis na píléirí; ach bhí an eagla rompu fite fuaite isteach ina chnámha. Ba dhual dó é ó na seacht sinsear de réir dealraimh.

Ní raibh aon díon tí ná bheith istigh na hoíche ináirithe dhó. Chodlaíodh sé lasmuigh faoi dhiaidh na spéireach i gcaitheamh an tsamhraidh. Le linn an gheimhridh, ba ghnáth leis sleamhnú isteach i lochtaí agus i stáblaí, i ngan fhios, agus éalú ar maidin sara bhfaighfí amach é. Ní raibh poll ná póirse a dhéanfadh an gnó nár bhain sé áis as. Bhí a dhá chuisle go láidir de bharr láimhseáil na maidí sroise, agus ba mhinic a d’ardaíodh sé é féin suas go lochta féir agus uaireanta chaitheadh sé cheithre lá nó cúig lá ar an lochta céanna da mbeadh a dhóthain lón bídh soláthraithe aige chuige roimh ré.

Ba chuma nó beithíoch é. Ní bhíodh caidreamh aige le héinne, ná cion aige ar éinne. Bhíodh tarcaisne agus saghas droch-chroí ag lucht na tuaithe dhó. “An Clog” a bhaisteadar mar leas-ainm air, toisc é a bheith ar crochadh idir a dhá mhaide croise faoi mar a bheadh clog séipéil idir dhá phrapa.

II

Bhí sé dhá lá ar céalacan. Ní bhfuair sé greim bídh ó éinne. Bhí a bhfoighne caite acu. Chuireadh na mná liú astu nuair a chídís chucu é.

“Bailigh leat, a straeire dhíomhaoin! Níl ach trí lá ó shin ann ó thugas roinnt aráin duit.”

Bhailíodh sé leis agus thugadh aghaidh ar an gcéad tigh eile. Ní bhíodh roimis ach an doicheall céanna. Is é a deireadh na mná ná:-

“Ní healaín dúinn an fámaire leisciúil sin a bheathú gach lá.”

Ach ina dhiaidh sin is uile bhí gá le bia ag an “bhfámaire leisciúil” gach lá.

Ghaibh sé trí Saint-Hilaire, Varville, agus Les Billettes ag dul ó thigh go tigh, ach ní bhfuair sé oireadh is pignin rua ná fiú crústa aráin. Ní raibh de sheift aige ansan ach Tournolles a bhaint amach; ach bhí air cúig mhíle shlí a chur de, agus is ar éigean a bhí ann slat eile a chur de le neart tuirse. Bhí a ghoile is a phócaí follamh; ach ní raibh leigheas aige air; lean sé den bhóthar.

Mí Nollag a bhí ann, agus bhí faobhar ar an ngaoth. Bhí an spéir go dubh scamallach. Do ghaibh an máirtíneach an tslí go mall righin. Fuair sé a lán dá dhua, ag tógaint an dá mhaide croise i ndiaidh a chéile dhó agus ag cur meáchaint a cholainne ar a leathchois cham.

B’éigean dó suí cois cloí go minic agus a scíth a ligint. Bhí an t-ocras millteach ag imirt go dian ar a mheabhair neamhchruinn. Ní raibh de dhúil ná de chuimhneamh aige ach greim bídh a fháil le n-ithe, ach níorbh eol dó cá bhfaigheadh sé é.

Lean sé den turas achrannach ar feadh trí uair an chloig. Faoi dheireadh bhain se amach sráid Tournolles, agus do chuir an radharc breis nirt ann.

Is é freagra a fuair sé ón gcéad fhear dar bhuail uime, nuair a d’iarr sé déirc air, ná:-

“Tusa atá ann a shean-chladhaire. Cathain a bheam réidh leat?”

Thug “An Clog” a bhóthar air. Ní bhfuair sé roimis in aon tigh sa tsráid ach an doicheall is an droch-chroí. Ghaibh sé ar fud na sráide ach sin a raibh dá bharr aige.

Thug sé turas ansan ar na feirmeacha a bhí sa chomharsanacht. Is ar éigean a bhí ann na maidí croise a thógaint ón dtalamh, bhí sé chomh traocha san. Bhí an doicheall céanna roimis i ngach aon bhall. Lá fuar garbh a bhí ann agus bhí a rian ar chách; ní raibh le fáil ach an duairceas is an dúire.

III

Nuair a bhí gach líon tí ar a aitheantas triallta aige do shin “An Clog” ar an dtalamh cois cloí i mbanrach Chiquet. D’fhan sé ar a tharr in airde gan cor aige á chur de, agus an t-ocras á chrá is á chéasadh; ach is ar éigean a thuig sé go cruinn méid an anró is an chruatain a bhí de phláinéid anuas air.

D’fhan sé mar sin ag súil le rud éigin a leigheasfadh a phian. D’fhan sé i gcúinne den iothlann, faoi gharbhghaoth an gheimhridh ag brath air go bhfaigheadh sé fóirithin ó Dhia nó ó dhuine agus gan a fhios aige ó thalamh an domhain cad as a dtiocfadh sé.

Bhí scata cearc ag rith anon is anall ar lorg bídh. Do bheiridís greim ar ghráinnín mine nó ar mhíoltóigín beag éigin anois agus arís, agus ansan do leanaidís orthu, ar thóir tuilleadh bídh.

D’fhair “An Clog” iad ar feadh tamaill agus gan aon smaoineamh ina cheann mar gheall orthu; ach ba ghearr gur rith smaoineamh áirithe chuige – ní chun a aigne ach chun a ghoile a rith sé – gurbh álainn mar bhia ceann de na cearca agus é róstaithe ar thine brosnach.

Níor chuimhnigh se ar ghadaíocht a dhéanamh. Do rug sé ar spalla cloiche agus d’aimsigh ceann de na cearca den chéad iarracht a thug sé fúithi agus do shín sé ina pleist í. Do theith an scata cearc eile agus d’éirigh “An Clog”. Do rug greim ar na maidí croise agus do bhain amach an áit ina raibh an chearc sínte marbh.

Ag cromadh dhó, do buaileadh buille trom air a chaith ar bhior a chinn é deich slata ón áit sin. B’iúd chuige an feirmeoirí agus é ar deargbhuile agus do thug a dhá dhóthain de chiceanna is de léasadh dhó.

Tháinig an lucht aimsire agus chromadar ar ghabháil ar an mbacach leis. Ansan, nuair a bhí a ndóthain batarála tugtha acu dhó, do chuireadar faoi ghlas i gcró sa bhanrach é agus chuadar ar lorg na bpíléirí.

IV

Do fágadh “An Clog” sínte ar an urlár, ag tabhairt fola, agus é leathmharbh ag an ocras. Tháinig an tráthnóna agus an oíche; do bhreac an lá; greim bídh ní bhfuair sé.

Tháinig na píléirí timpeall meán lae. D’osclaíodar doras an chró go haireach ar eagla na heagla; mar dúirt an feirmeoir gur thug an bacach fogha millteach faoi agus gurbh éigean dó cabhair a fháil chun a chosanta féin.

Chuir an sáirsint béic as:-

“Éirigh! Brostaigh ort!”

Níor chuir “An Clog” cor de. Ní raibh de neart ann é a dhéanamh. Cheap na píléirí gur ag ligint air a bhí sé. Rugadar greim air, agus chuireadar ina sheasamh idir a dhá mhaide croise é.

Do ghaibh eagla é nuair a chonaic sé éide na bpíléirí – an eagla ba dhual do luichín roimis an gcat – agus le neart a eagla dhein sé iarracht mhíorúilteach agus d’fhan sé ina sheasamh.

“Gluais leat,” arsa an sáirsint. Do ghluais sé. Bhí an líon tí ag faire air agus é ag imeacht. Do bhagair na mná dorn air. Do chuir na fir gáire astu. Bhí sé gafa faoi dheireadh agus ba mhaith an ceart é.

Do ghluais sé roimis agus píléir ag gach taobh de. Chuir an eagla neart ann chun gluaiseachta, agus gan a fhios aige cad a bhí ag imeacht air ná cad a bhí i ndán dó.

Do shroicheadar an baile mór faoi thráthnóna. Ní raibh sé riamh roimis sin chomh fada san as baile. Níor thuig sé in aon chor cá raibh sé. Chuir eachtraí an dá lá a bhí caite agus dealramh stróinséartha na ndaoine is na dtithe sa bhaile mór scanradh air.

Ní dúirt sé focal. Ní raibh aon ní le rá aige, mar níor thuig sé aon ní. Rud eile, bhí sé chomh fada san gan taithí ar chomhrá a dhéanamh le daoine eile go raibh an chaint nach mór dearmadta aige. Bhí a smaointe chomh neamhchruinn sin nárbh fhéidir leis iad a chur in iúl trí bhriathra.

Do sádh isteach i bpríosún an bhaile mhóir é. Níor rith sé chun na bpíléirí gur theastaigh bia uaidh. D’fhágadar mar sin é go dtí an lá amáireach.

Ach nuair a thángthas chuige go moch ar maidin lá arna mháireach, is amhlaidh a bhí sé sínte marbh ar an urlár. B’ionadh le cách é!

Riobárd Ó Brolcháin


Is féidir an leagan Fraincise a fháil anseo.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *