Léirmheas

Rubáiiát Omár Caiiám Ó Naíseápúr

Aistritheoir: Tadhg Ó Donnchadha (Torna)
Foilsitheoir: Martan Lester Teo. (1920)

Léirmheastóir: Séamus Ó hAodha

Foilsíodh an léirmheas seo cheana in Misneach, an 22 Eanáir 1921


Omar a tháinig go hÉirinn

Leabhar nua le “Torna”

Fáilte roimh an aiste filíochta so ó Thórna; fáilte roimh Martan Lester a d’athchur fé chló í tar éis faillí a dhéanamh inti ó 1908 nuair a cuireadh cló uirthi den chéad uair i “Sinn Féin” na Nollag; fáilte is fiche roimh Omar féin ar theacht go hÉirinn dó.

Aistriú go Gaeilge ar aistriú go Béarla ar na seancheathrúna a dhein Omar Cáiïám, Peirseach, sa tarna haois déag is ea an aiste seo. Sórt breac-aistriú a dhein an file Sasanach. Mar a deir Tórna: “sé theastuaig uaidh ná a thabhairt dá léightheoir an tuairim chéadna agus an aigne chéadna a gheobhadh an léightheoir dúthchais as an aiste bhunúsaig.” Sa méid sin tugann Tórna dúinn an “tslat” lenar cheart dúinn a shathaor féin a mheas. Má éiríonn leis, gheobhaimid ina aistriú beagnach an tuairim chéanna is an aigne chéanna a gheibheann an Béarlóir in aistriú an Ghearaltaigh.

Sár-áilneacht na bhFriotal

Cad iad na tréithe dhraíochta a thuill clú is cáil don aistriú Béarla? Ar dtúis déarfainn an tsimplíocht nocht atá ann, an liquescence, “tagaim am uisge,” agus sár-áilneacht na bhfriotal go bhfanann a bhfuaim sa chuimhne go deo. Tá an suggestivness ann a bhaineann le teanga inar saothraíodh an litríocht go mór agus ina bhfaighimid macalla ó fhiche éigin file in aon fhile amháin. Tá, leis sin, an draíocht a chuireann dath is íomháíocht iasachta i gcónaí orainn; agus mar bharra ar gach feabhas eile tá an ceathrú aoibhinn de dhéanamh nua a cheap an Gearaltach dá iarracht féin. Fagann san gurb é Khayyam an aiste filíochta is mo cáil is trácht uirthi sa Bhéarla le fiche bliain, agus nach aon duan breá bog a thogh Tórna nuair a chuir sé roimis aistriú a dhéanamh air. Dá mb’é Shakespeare féin é, níor dheacra, dar liom, aistriú a dhéanamh air.

Aistriú Dílis

Conas a rith an iarracht le Tórna? Cuirimis síos ceann de na ceathrúna is minicí a chítear sa Bhéarla agus ansan ceann Thórna:

There was a Door to which I found no Key:
There was a Veil past which I could not see;
Some little Talk awhile of Me and Thee
There seem’d – and then no more of Thee and Me.

Bé sin an doras is a eochair im ghreim níor fhan:
Bé sin an cochal a dh’fholaigh óm radharc gach cleas;
Mise agus tusa, agus seal dár dteist ar clos
‘S annsan sin mise agus tusa go deimhin ar ceal.

Ní dóigh liom gur féidir an t-aistriú sin a shárú le dílse don Bhéarla, le dírí, le simplíocht agus an mheadracht ana-dheacair a thogh Tórna a láimhseáil, agus maidir le binneas tá sáraithe ar cheol an Bhéarla aige. Agus sna ceathrúna is mó trácht orthu, éiríonn le Torna go hana-mhaith. Ní gá ach ceann eile a aithneoidh éinne a a chur síos anso:

Fé dhuilleabhar chraoibhe bím lem leabhar amhrán;
Bíonn corn maith fíona is bríce im aice dhen arán;
‘S an díthreabh ach go mbeitheása im fhochair led laoi

Dar liomsa níor dhíthreabh í ach parrathas árd.

Meadrach Ró-ghreanta

Tá sna bhéarsaí seo an tuairim chéanna is an aigne chéanna dar liom a gheibheann an Béarlóir san Omar. Ach ní féidir é sin a rá i dtaobh a lán eile. Cuirim I gcas an chéad cheathrú ar fad:

Preabaidh bhur suidhe! Sin scaoile is scaipe ar an ngréin
D’aistrigh ó chuim na hoidhche a reanna go léir,
Ar reannaibh ‘s ar oidhche féin is tuitim a gcaoi
Ar mhiontur an ríogh ghá shoillsiú i dtaithneamh go glé.

Níl aon tsimplíocht ag baint leis sin: is ana-dheacair é a thuiscint mar atá, agus ní ró-fhuiriste é a thuiscint nuair a chuirtear i gcomparáid leis an mBéarla fiú amháin. Bhí an mheadracht a thogh Tórna beagán ró-ghreanta le haghaidh aistriúcháin is dóigh liom, cé gurb iontach an tslí ina n-úsáideann sé í.

Crapthacht Chainte

Ach deineann san an chaint a bheith ró-chasta agus cailltear ar an ndírí bhunúsach. Bhí de bhuntáiste ag an nGearaltach ar fad sa méid sin air. Paraphrast ar fad ab ea é agus “dhein sé go minic fiarsceo ar chainnt an tsean-fhondúra bhoicht.” Níorbh fhéidir le Tórna san a dhéanamh. Bhí air cloí go dlúthchruinn leis an mBéarla agus más craptha linn go minic an chaint, ní mór a admháil nár deineadh aistriú cruinn riamh fós ná fuil craptha i gcomparáid leis an gcaint bhunaidh.

Mar sin tá ana-mholadh tuilte ag Torna san aiste sin, agus mura maith linn an t-iomlán, ní féidir a shéanadh ná gurb iad na ranna is fearr aige. Tá an leabhar féin go hana-dheas, cló maith air, réamhrá cruinn ann agus cúpla nóta. Leabhar le coimeád is ea é agus ceann gur fiú staidéar a dhéanamh air. Leathchoiróin a fhiacha.

S. Ó hAodha


An chéad dá leathanach as aistriú Thorna:

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *