Blaiseadh

An Bhean Tí le Roald Dahl

Bunscéal: The Landlady
Bunteanga: Béarla
Údar: Roald Dahl

Aistritheoir: Néamhann Ní Dhonnghaile


Thaistil Billí Ó Coinn síos go Londain ar thraein mhall an tráthnóna, bhí aistriú traenach le déanamh ag Swindon, agus faoin am ar shroich sé Bath bhí sé thart ar a naoi a chlog san oíche.  Nocht an ghealach ó spéir ghlan réaltógach os cionn na dtithe os comhair shlí isteach an stáisiúin.  Ach bhí goimh fuachta ann agus bhí an ghaoth mar a bheadh leac oighir ar a leicne.

‘Gabh mo leithscéal’ ar sé, ‘ach an bhfuil óstán ar bith nach bhfuil ródhaor thart anseo?’

‘Bain triail as An Cloigín agus an Dragún,’ arsa an giolla agus é ag díriú a mhéire síos an bóthar.  ‘B’fhéidir go nglacfadh siad leat.  Tá sé thart fá cheathrú míle anonn ar an taobh thall údaí.’

Ghabh Billí buíochas leis, thóg leis a chás agus bhain giota de.  Ní raibh sé riamh in Bath roimhe seo.  Ní raibh aithne aige ar aon duine a chónaigh ann.  Ach d’inis an tUasal Ó Ceallaigh ón phríomhoifig i Londain dó gur cathair ar dóigh í.  ‘Aimsigh lóistín duit féin,’ a dúirt sé, ‘agus ansin gabh i dteagmháil le bainisteoir an bhrainse a luaithe is atá bun curtha fút agat.’

Bhí Billí seacht mbliana déag.  É ag caitheamh cóta mór úr dúghorm, bairéad nua donn triolbaí, agus culaith úr dhonn; mhothaigh sé go breá.  Shiúil sé leis go beo, bríomhar síos an tsráid.  Bhí sé ag déanamh iarrachta achan rud a dhéanamh go breá breabhsánta ar na saolta seo.  D’aithin sé go mbíonn tréith na breabhsántachta ag achan fhear rathúil gnó.  Bíonn na boic mhóra sa Phríomhoifig dochreidte bríomhar an t-am ar fad.  Bhí siadsan iontach.

Ní raibh aon siopa ar an taobh leathan sin den tsráid ar a raibh sé ag siúl, go díreach sraith de thithe arda ar cheachtar taobh, an aon chuma amháin orthu uilig.  Bhí póirsí agus colúin acu agus ceithre nó cúig chéim ag ardú a fhad leis an doras tosaigh.  Ba léir gurbh áiteanna cónaithe galánta ardnósacha iad tráth den tsaol.  Ach anois, fiú amháin sa dorchadas, chonaic sé go raibh an phéint ag titim den adhmad ar na doirse agus ar na fuinneoga, agus go raibh a n-aghaidh mhaisiúil bhán scoilte agus smálaithe le faillí.

Go tobann, i bhfuinneog thíos staighre áit a raibh solas sráide cúpla slat ar shiúl ag lonrú uirthi, chonaic sé uaidh fógra clóite ina sheasamh in aghaidh na gloine i gceann de na pánaí uachtair.  LEABA AGUS BRICFEASTA a bhí scríofa air agus vása de shailchearnacha, iad ard agus álainn, ina sheasamh díreach faoin fhógra.  

Stop sé den tsiúl.  Bhog sé píosa beag níos cóngaraí.  Bhí cuirtíní glasa (as ábhar éigin síodúil) ar crochadh síos ó cheachtar taobh na fuinneoige.  Bhí cuma aoibhinn ar na sailchearnacha in aice leo.  Chuaigh sé díreach suas agus d’amharc go grinn fríd an ghloine isteach sa tseomra, agus ar an chéad amharc dó, chonaic sé tine gheal ar an teallach.  Ar an bhrat urláir os comhair na tine, bhí broc-chú beag gleoite ina chodladh lena cheann ina chúp aige.  Bhí an seomra féin, ón mhéid a bhí le feiceáil faoi choim na hoíche, lán le troscán deas.  Mion-mhórphianó, tolg mór agus cúpla cathaoir uillinne lán;  agus i gcúinne amháin chonaic sé pearóid mhór ina shuí i gcás.  Is dea-chomhartha iad na hainmhithe de ghnáth in áit mar seo, a smaoinigh Billí; agus ar an iomlán, teach measartha a bheadh ann le fanacht ann, dar leis.  Is cinnte go mbeadh sé níos compordaí ná An Cloigín agus an Dragún.

Os a choinne sin, bheadh teach tábhairne níos fóirsteanaí ná teach lóistín.  Beoir agus cluiche dairteanna sna tráthnónta, agus a lán daoine le caint leo, agus is dócha go mbeadh sé giota maith níos saoire fosta.  D’fhan sé i dteach tábhairne ar feadh cúpla oíche cheana féin agus bhain sé sult as.  Níor fhan sé riamh in aon teach lóistín, agus déanta na fírinne, bhí sé beagáinín scanraithe rompu.  Thug an t-ainm féin íomhánna áirithe chun cuimhne; cabáiste uisciúil, mná tí cíocracha agus boladh láidir scadáin leasaithe sa tseomra suí.

I ndiaidh an siar is aniar sin san fhuacht ar feadh dhá bhomaite nó trí, shocraigh Billy go siúlfadh sé leis le hamharc ar An Cloigín agus an Dragún sula ndéanfadh sé cinneadh.  Thiontaigh sé le himeacht.

Agus ansin tharla rud aisteach dó.  Bhí sé díreach ar tí cúlú siar agus tiontú ón fhuinneog ach leis sin féin, tarraingíodh a shúile ar bhealach saoithiúil i dtreo an fhógra bhig a bhí ansin. LEABA AGUS BRICFEASTA. LEABA AGUS BRICFEASTA, LEABA AGUS BRICFEASTA, LEABA AGUS BRICFEASTA.  Bhí achan fhocal mar a bheadh súil mhór dhorcha ann ag stánadh air fríd an ghloine, á choinneáil, ag cur iallach air, ag tabhairt air fanacht san áit ina raibh sé, gan imeacht ón teach sin, agus an chéad rud eile, bhí sé ag siúl thart leis an fhuinneog i dtreo dhoras tosaigh an tí, ag dreapadh suas na céimeanna, agus ag síneadh a mhéire i dtreo an chloigín.

Bhrúigh sé air.  I bhfad ar shiúl sa tseomra cúil chuala sé an chlingireacht, agus ansin i bhfaiteadh na súl – caithfidh gur i bhfaiteadh na súl a tharla sé mar ní raibh fiú amháin am aige lena mhéar a bhaint den chloigín – leath an doras isteach agus bhí bean ina seasamh ansin.

De ghnáth buaileann tú ar an chloigín agus bíonn tú ag fanacht leathbhomaite  ar a laghad sula n-osclaítear an doras.  Ach bhí an bhean amhail giocsaí i mbosca.  Bhuail sé ar an chloigín – agus phreab sí amach!  Bhain sí geit as.

Bean chnagaosta thart ar chúig bliana is dhá scór, nó leathchéad d’aois ba ea í, agus díreach ar a fheiceáil di, bhí fáthadh an gháire ar a haghaidh.

‘Tar isteach le do thoil,’ ar sise go gnaíúil.  Sheas sí i leataobh, agus an doras ar leathadh aici, agus thosaigh Billí ag bogadh isteach i ngan fhios dó féin.  Bhí an fonn doshrianta, nó an mhian sin, ba chirte a rá, í a leanstan isteach sa teach fíorláidir.

‘Chonaic mé an fógra taobh thiar den fhuinneog,’ ar seisean, á choinneáil féin siar.

‘Sea, tá a fhios agam.’

‘An bhfuil seomra ar bith ag dul?’

‘Tá sé ar fad réidh duit, a pheata,’ ar sise.  Bhí éadan ciorclach bándearg uirthi agus súile séimhe gorma.

‘Bhí mé ar mo bhealach chuig an Chloigín agus an Dragún,’ arsa Billy.  ‘Ach tharlaigh gur tharraing an fógra i d’fhuinneog m’aird.’

‘A stócaigh,’ ar sise, ‘cad tuighe nach dtig tú isteach ón fhuacht?’

‘Cá mhéad a bheas air?’

‘5 scilling agus 6 pingine san oíche, agus bricfeasta san áireamh.’

B’ionadh leis a shaoire a bhí sé.  Leoga, bheadh sé toilteanach a dhá oiread a dhíol.

‘Má tá sé sin ródhaor,’ ar sí, ‘bhuel b’fhéidir go dtiocfadh liom é a laghdú beagán beag bídeach.  Ar mhian leat ubh don bhricfeasta?  Tá uibheacha costasach fá láthair.  Bheadh sé sé pingine níos saoire gan an ubh.’

‘Bheadh cúig scilling agus sé pingine go breá,’ a d’fhreagair sé.  ‘Ba bhreá liom fanacht anseo.’

‘Tá a fhios agam gur bhreá. Tar isteach.’

Bhí an chuma air go raibh sí millteanach deas.  Díreach cosúil le máthair do dhlúthcharad ag cur fearadh na fáilte romhat isteach sa teach le fanacht do shaoire na Nollag.  Bhain Billí de a hata, agus chuir cos thar an tairseach.

‘Croch ansin, go díreach, é,’ arsa sise, ‘agus lig dom cuidiú leat le do chóta.’

Ní raibh bairéad ná cóta ar bith eile sa dorchla.  Ní raibh scáth fearthainne ná maide siúil ann – ní raibh a dhath eile ann.

‘Tá sé uilig againn dúinn féin,’ ar sise, agus í ag déanamh miongháire leis thar a gualainn fad a rinne sí a bealach suas an staighre.  ‘An bhfeiceann tú, ní rómhinic a bhíonn sé de phléisiúir agam fáiltiú roimh dhuine isteach i mo nead bheag.’

Tá an tseanbhean seo cineál craiceáilte, arsa Billí leis féin.  Ach ar chostas 5 scilling agus 6 pingine san oíche, nach cuma sa tsioc fá sin?  ‘Shamhlóinn go mbeadh lucht cuartaithe lóistin ag briseadh na gcos le theacht isteach,’ ar sé go múinte.

‘Ó, bíonn, a stór, is cinnte go mbíonn. Ach an deacracht atá ann, gur dual dom a bheith go díreach beagán beag beadaí, má thuigeann tú.’

‘Á, tchím.’

‘Ach bím i gcónaí réidh.  Bíonn achan rud sa teach seo réidh de lá agus d’oíche go díreach ar an chaolseans go dtiocfadh fear óg uasal geanúil.  Agus bíonn sé ina phléisiúr mór, a stór, ina phléisiúr ollmhór anois is arís nuair a osclaím an doras agus a tchím duine inteacht atá díreach ceart ina sheasamh ansin.’  Bhí sí leath bealaigh suas an staighre, nuair a stop sí agus lámh amháin ar shlat an staighre aici, thiontaigh a ceann agus rinne meangadh beag lena beola mílítheacha.  ‘Cosúil leatsa,’ a dúirt sí, agus bhog a súile gorma go mall an bealach ar fad síos chorp Billí, ó bhaithis a chinn go bonn a choise, ansin aníos arís.

Agus í ar léibheann an chéad urláir dúirt sí leis, ‘Is liomsa an t-urlár seo.’

Dhreap siad in airde chuig an dara hurlár.  ‘Agus beidh an ceann seo agat féin,’ ar sí.  ‘Seo do sheomra-sa.  Tá súil agam go mbeidh dúil agat ann.’  Ghlac sí isteach chuig seomra leapa tosaigh beag gleoite é agus í ag lasadh an tsolais ar a bealach isteach di.

‘Tig solas na maidine díreach isteach fríd an fhuinneog, a Uasail Uí Pheircín. Is Ó Peircín atá ann nach ea?’

‘Ní hea,’ ar seisean, ‘Ó Coinn.’

‘An tUasal Ó Coinn.  Nach deas sin.  Chuir mé mealbhóg the idir na braillíní le ligint daofa aer a fháil, a Uasail Uí Choinn.  Is iontach an compord é buidéal te a bheith agat i leaba strainséartha le braillíní glana, nach ndéarfá?  Agus thig leat an tine gháis a chur ar siúl am ar bith má thagann cuil air.’

‘Go raibh maith agat,’ arsa Billí.   ‘Go raibh céad míle maith agat.’   D’aithin sé ansin gur baineadh an chuilt den leaba, agus gur tarraingíodh an t-éadach leapa siar go néata ar thaobh amháin, í ar fad réidh do dhuine éigin le codladh inti.

‘Tá áthas an domhain orm gur tháinig tú,’ arsa an bhean, agus í ag amharc go macánta ar a ghnúis. ‘Thosaigh imní ag teacht orm.’

‘Tá sé ceart go leor,’ a d’fhreagair Billí go gealgháireach.  ‘Ní gá duit a bheith buartha fúmsa.’  Leag sé a chás ar an chathaoir agus thosaigh á oscailt.

‘Agus caidé fá shuipéar, a stóirín?  Ar éirigh leat a dhath a fháil le hithe sular tháinig tú?’

‘Níl ocras ar bith orm, go raibh maith agat,’ ar sé.  ‘Sílim go rachaidh mé a chodladh a luaithe agus is féidir liom mar caithfidh mé múscailt go luath amárach agus tuairisciú ar ais chuig an oifig.’

‘Tá go maith, mar sin.  Fágfaidh mé anois thú go dtig leat do ghiuirléidí a shocrú.  Ach sula rachaidh tú a luí, an mbeifeá sásta dul síos chuig an tseomra suí ar an bhunurlár agus an leabhar a shíniú?  Bíonn ar achan duine é sin a dhéanamh mar gurb é sin dlí na tíre, agus níor mhaith linn a bheith ag briseadh dlíthe ag an phointe seo, ar mhaith?  Rinne sí croitheadh beag láimhe leis agus d’imigh amach as an tseomra go gasta agus í ag druidim an dorais ina diaidh.

Anois, cé go raibh cearr bheag éigin ar bhean an tí, níor chuir sin lá mairge ar Bhillí.  I ndeireadh na dála, ní hamháin gur chréatúr gan chealg, gan choir í – ní raibh aon cheist fá dtaobh de sin – ach ba bhean iontach lách agus fial í.  Is dócha gur chaill sí a mac sa chogadh, nó rud éigin mar sin, agus nár chuir sí di riamh é, a smaoinigh Billí.

Mar sin de, cúpla bomaite ina dhiaidh sin, nuair a bhí an cás díphacáilte agus a lámha glanta aige, bhailigh sé leis ar sodar síos chuig an bhunurlár agus isteach leis sa tseomra suí.  Ní raibh bean an tí ansin, ach bhí an tine ag dó léi go croíúil sa teallach, agus an broc-chú beag ina chodladh os a comhair go fóill.  Bhí an seomra iontach cluthar agus teolaí.  Nach sonasach an mac mé, a smaointigh sé, ag cuimilt a dhá bos dá chéile.  Is breá an saol é seo.

Tháinig sé ar leabhar na gcuairteoirí ina luí oscailte ar an phianó, ghlac sé amach a pheann agus scríobh síos a ainm agus a sheoladh.  Ní raibh ach dhá ainm eile os cionn a ainm-sean ar an leathanach, agus, mar a dhéantar i gcónaí le leabhar cuairteoirí ar bith, thosaigh sé á léamh.  Duine acu Críostóir Ó Broin as Caerdydd agus an duine eile Gearóid Ó Tuama as Briostó.

Is aisteach sin, a smaoinigh sé go tobann.  Críostóir Ó Broin.  Aithním an t-ainm sin.

Anois cá háit fán spéir ar chuala mé ainm neamhghnách mar sin roimhe?

An raibh gasúr ar scoil? Ní raibh.  An duine de líon mór stócach a dheirféar a bhí ann b’fhéidir, nó cara lena athair?  Ní hea, ní hea, ní ceachtar acusan a bhí ann.  Thug sé sracfhéachaint arís ar an leabhar.

Críostóir Ó Broin 231 Bóthar na hArdeaglaise, Caerdydd

Gearóid Ó Tuama 27 Sráid an tSeiceamair, Briostó

Déanta na fírinne, anois agus é ag smaoineamh faoi, d’aithin sé an dara hainm chomh maith céanna leis an chéad cheann.

‘Gearóid Ó Tuama?’ a dúirt sé os ard, agus é ag cíoradh a chuimhne. ‘Críostóir Ó Broin?…’

‘gasraí iontach deas,’ a d’fhreagair guth ar a chúl, thiontaigh sé agus chonaic bean an tí ag gluaiseacht isteach sa tseomra agus tráidire tae mór airgid ina lámha.  Choinnigh sí an tráidire píosa maith os a comhair agus ard go leor thuas, amhail is go raibh sí ag coinneáil capaill a bhfuil fuinneamh sna cosa aige ar ghreim sriain.

‘Aithním iad ar chúis éigin,’ ar sé.

‘An aithníonn?  Suimiúil.’

‘Tá mé beagnach cinnte de gur chuala mé na hainmneacha sin roimhe áit inteacht.  Nach aisteach sin?  B’fhéidir i bpáipéar nuachta.  Ní raibh cáil orthu ar dhóigh ar bith, an raibh?  An rud atá i gceist agam an cruicéadaithe nó peileadóirí clúiteacha nó rud éigin mar sin iad?’

‘Clúiteach,’ ar sise, agus í ag fágáil an tráidire tae ar an tábla íseal os comhair an toilg.  ‘Ó chan é, ní dóigh liom go raibh siad clúiteach.  Ach bhí siad fíordhóighiúil, an bheirt acu, thig liom é sin a ghealstan duit.  Ard dubh dóighiúil, a stór, díreach cosúil leatsa.’

Spléach Billí síos ar an leabhar uair amháin eile, ‘Amharc anseo,’ ar seisean, agus é ag aithint na ndátaí.  ‘Tá sé dhá bhliain ó cuireadh an iontráil dheireanach seo isteach.’

‘An bhfuil?’

‘Tá cinnte.  Agus Críostóir Ó Broin beagnach bliain roimhe sin – níos mó ná trí bliana ó shin.’

‘Dar fia,’ ar sise, ag croitheadh a cinn agus ag tarraingt osna bheag dheismir.  ‘Ní shamhlóinn riamh é. Níl sa saol ach soinneán gaoithe, nach bhfuil sin ceart, a Uasail Uí Choimín?’

‘Ó Coinn,’ arsa Billí. ‘C-o-i-n-n.’

‘Ó, ar ndóigh!’ ar sise de bhéic, í ag suí siar ar an tolg.  ‘Nach mise atá amaideach, maith dom é. Isteach cluas amháin agus amach an ceann eile, sin an dóigh a mbímse, a Uasail Uí Choinn.’

‘An bhfuil a fhios agat caidé?’ arsa Billí. ‘Rud éigin atá iontach ar fad fá seo uilig?’

‘Chan fhuil, a stócaigh, chan fhuil a fhios agam.’

‘Bhuel, an bhfeiceann tú – an dá ainm seo, Ó Broin agus Ó Tuama, ní hamháin gur cuimhin liom an dá ainm sin astu féin, mar a déarfá, ach ar dhóigh éigin, ar bhealach éigin aisteach, tá an chuma air go bhfuil an bheirt acu cineál ceangailte lena chéile fosta.  Amhail is go raibh an bheirt acu clúiteach as an rud chéanna, má thuigeann tú – cosúil le… cosúil le Dempsey agus Tunney, cuir i gcás, nó Churchill agus Roosevelt.’

‘Nach greannmhar sin,’ a dúirt sí.  ‘Ach tar anall anseo anois, a stór, agus suigh in aice liom ar an tolg agus tabharfaidh mé cupa deas tae agus briosca sinséir duit sula rachaidh tú a luí.’

‘Níor chóir duit bacadh leis sin,’ arsa Billí.  ‘Ní raibh mé ag súil lena leithéid.’  Sheas sé in aice leis an phianó, agus é ag amharc uirthi agus í ag fústráil leis na cupáin agus leis na fóchupáin.   Thug sé faoi deara a lámha beaga, bána le hingne dearga ag bogadh go scioptha.

‘Tá mé beagnach deimhin de gur sa nuachtán a chonaic mé iad,’ arsa Billí.  ‘Cuimhneoidh mé air i gceann soicind.  Is cinnte go gcuimhneoidh.’

Níl rud ar bith is mealltaí ná rud mar seo a chrochann díreach lasmuigh de theorainneacha ár gcuimhne.  B’fhuath leis géilleadh.

‘Anois, fan bomaite,’ ar sé.  ‘Fan bomaite beag.  Ó Broin… Críostóir Ó Broin… nach é sin an t-ainm a bhí ar ghasúr scoile Eton a chuaigh ar thuras coisíochta fríd iarthar tíre, agus ansin go tobann…’

‘Bainne?’ a d’fhiafraigh sí. ‘Agus siúcra?’

‘Sea, le do thoil.  Agus ansin go tobann…’

‘Gasúr scoile Eton?’ ar sise.  ‘Ó chan é, a stór, ní thiocfadh leis sin a bheith ceart mar is cinnte nach gasúr scoile Eton a bhí i m’uasal Ó Broin-se nuair a tháinig sé chugam.  Fóchéimí Cambridge ba ea é.  Tar anall anseo anois agus téigh thú féin os comhair na tine seo.  Tar.  D’fhliuch mé an tae duit cheana féin.’  Chuimil sí an spás folamh in aice léi ar an tolg, agus shuigh sí ansin ag déanamh aoibh bheag le Billí agus í ag fanacht air a theacht.

Shiúil sé anonn go mall, agus shuigh ar imeall an toilg.  Leag sí a chupa tae os a chomhair ar an tábla.

‘Sin anois muid,’ ar sise, ‘Nach deas teolaí é?’

Thosaigh Billí ag ól súimíní den tae.  Rinne sise amhlaidh.  Ar feadh bomaite go leith nó mar sin, níor labhair ceachtar acu.  Ach bhí a fhios ag Billí go raibh sí ag amharc air.  Bhí a corp tiontaithe beagán ina threo-san, agus mhothaigh sé a súile leagtha ar a aghaidh, ag stánadh air thar imeall a cupáin.  Anois is arís, d’fhaigheadh sé boladh aisteach a thagadh uaithi.  Ní drochbholadh a bhí ann ar chor ar bith, agus chuir sé, bhuel ní raibh sé go hiomlán cinnte cad é a chuir sé i gcuimhne dó.  Gallchnó picilte?  Leathar úr?  Nó an dorchlaí ospidéil a bhí ann?

‘Fear mór tae ba ea an tUasal Ó Broin’ a dúirt sí ar deireadh.  ‘Ní fhaca mé ariamh aon duine ag ól an oiread tae is a ólann an fear cóir, cairdiúil céanna.’

‘Is dóiche gur imigh sé leis ar na mallaibh,’ arsa Billí.  Bhí sé fríd a chéile faoin dá ainm go fóill.  Bhí sé lánchinnte anois go bhfaca sé iad sa pháipéar nuachta – sna ceannlínte.

‘Gur imigh sé?’ a dúirt sí agus í ag ardú a malaí.  ‘Ach a stóirín, níor imigh sé ariamh.  Tá sé go fóill anseo.  Tá an tUasal Ó Tuama anseo fosta.  Tá siad ar an tríú hurlár, an bheirt acu i gcuideachta a chéile.’

Leag Billí a chupán go mall ar an tábla, stán sé ar bhean a’ tí.  Tháinig aoibh bheag gháire uirthi leis, shín lámh bhán ina threo agus thug bosóg éadrom dá ghlúin.  ‘Caidé an aois atá tú féin, a stócaigh?’ a d’fhiafraigh sí.

‘Seacht mbliana déag.’

‘Seacht mbliana déag’ ar sí de bhéic.  ‘Ó, is aois fhoirfe í sin!  Bhí an tUasal Ó Broin seacht mbliana déag fosta.  Ach is dóigh liom go raibh sé ábhairín níos lú ná tú, dáiríre, is cinnte go raibh sé, agus ní raibh a fhiacla díreach chomh geal le do chuid féin.  Tá fiacla áille agat, a Uasail Uí Choinn, an raibh a fhios agat sin?’

‘Tá cuma níos fearr orthu ná mar atá siad, dáiríre,’ arsa Billí.  ‘Dá bhfeicfeá an líonadh atá sna cúlfhiacla.’

‘Bhí an tUasal Ó Tuama beagán ní ba shine, dar ndóigh,’ ar sise, agus í ag déanamh neamhaird iomlán den mhéid a dúirt sé.  ‘Bhí sé ocht mbliana is fiche, mar a tharlaíonn. Agus le bheith fírinneach, ní bheinn ábalta sin a thomhas murar ’úirt sé liom é, ní bheinn bhal, ní bheinn go deo na deor.  Ní raibh máchail dá laghad ar a cholainn.’

‘Machail?’ a cheistigh Billí.

‘Bhí a chraiceann mar a bheadh craiceann linbh ann.’

Tharla tost sa chomhrá.  Thóg Billí a chupa tae in airde agus d’ól bolgam eile, ansin d’fhág sé ar ais go cúramach ar an fhochupán é.  D’fhan sé léi rud éigin eile a rá, ach ba chosúil gur tháinig ceann eile de na taomanna ciúnais sin uirthi.  Shuigh sé ansin ag stánadh os a chomhair amach i dtreo an chúinne ar an taobh thall den tseomra, agus é ag baint plaic as a bheol íochtair.

‘An diabhail pearóid sin,’ a dúirt sé faoi dheireadh.  ‘An bhfuil a fhios agat, chuir sé an dubh ina gheal orm nuair a chonaic mé é de chéaduair fríd an fhuinneog ón tsráid.  Bhéarfainn an leabhar go raibh sé beo.’

‘Chan fhuil a thuilleadh, monuar’

‘Is iontach go deo an dóigh ar cruthaíodh é,’ ar sé.  ‘Níl cuma mharbh air ar chor ar bith.  Cé a rinne é?’

‘Mise, mé féin.’

‘Tusa?’

‘Ar ndóigh’ ar sí.  ‘Agus an bhfaca tú mo Bhasal beag?’ Sméid sí a ceann i dtreo an bhroc-chú a bhí cuachta ar a sháimhín só os comhair na tine.  D’amharc Billí air.  D’aithin sé ansin go tobann go raibh an t-ainmhí ina shuí chomh ciúin is a bhí an phearóid, gan gíog ná míog as.  Shín sé a lámh amach gur chuimil fleasc a dhroma go séimh.  Bhí an droim fuar agus crua, agus nuair a shlíoc sé an fionnadh i leataobh lena mhéara, chonaic sé an cneas thíos faoi, é dúliath, tirim agus bail mhaith air.

‘Dar m’anam,’ ar sé.   ‘Iontach spéisiúil ar fad.’   Thiontaigh sé ón mhadadh agus d’amharc le barr measa ar an bheainín lena thaobh ar an tolg.  ‘Caithfidh go bhfuil sé deacair go maith rud mar sin a dhéanamh.’

‘Chan fhuil,’ ar sise.  ‘Ghním mo chuid ainmhithe beaga ar fad a stuáil nuair a chailltear.  An ólfaidh tú cupa eile?’

‘Ní ólfaidh, go raibh maith agat,’ arsa Billí.  Bhí blas beag almóinn shearbh as an tae agus ní raibh mórán dúil aige ann.

‘Shínigh tú an leabhar cheana féin, nár shínigh?

‘Ó, shínigh.’

‘Go maith.  Mar níos moille, má tharlaíonn go ndéanaim dearmad ar d’ainm, thig liom ‘ theacht anuas anseo agus é a chuartú arís.  Bíonn orm sin a dhéanamh beagnach achan uile lá leis an Uasal Ó Broin agus an tUasal… an tUasal…’

‘Ó Tuama,’ arsa Billí.  ‘Gearóid Ó Tuama. Maith dom mé a fhiafraí ach, an iadsan na haon chuairteoirí a bhí agat le dhá nó trí bliana anuas?’

Í ag coinneáil an taechupáin go hard i leathláimh léi, ag claonadh a cinn beagáinín ar chlé, d’amharc sí aníos air as ruball a súl agus rinne miongháire caoin eile. ‘’Is iad, a fhir óig, diomaite díot féin.’


Is féidir an leagan Béarla a léamh anseo.

One Comment

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *