Léirmheas

An Finn-Dia

Aistritheoir: Mícheál Ó Gríobhtha
Foilsitheoir: Oifig an tSoláthair (1935)

Léirmheastóir: Fear Faire (Earnán de Blaghd)
Foilsíodh an léirmheas seo cheana in United Ireland, Dé Sathairn, an 25 Aibreán 1936

An Finn-Dia

Scéal i dTaobh na nAteiceach

Danarthacht

Léigheas roinnt blian ó shoin cuntas mór fada ar an ngabháil do dhein Cortes ar Mhexico ach, mí-ábharach go leor, ní cuimhin liom an teideal atá air. Cuntas iontach is ea é. Innstear dúinn ann I dtaobh an chuma inar stiúraigh Cortes a chabhlach beag siar, cad é an saghas saoil a bhí aige féin is ag a lucht leanúna ar muir, cad é an sort pionóisí a cuirí ar mháirnéalaigh is ar shaighdiúirí – na cosa a ghearradh dhíobh in éiric cionta nár ró-mhór cuir i gcás. Chuir na pionóisí sin déistean orm, agus d’fhiarfaíos díom féin ar cheart Críostaithe a thabhairt ar mhuintir na hEorpa is barbarthacht den chineál san acu á chleachtadh. In Éirinn féin, níorbh éinní le taoiseach na súile a dhó amach as ceann namhad dainséaraigh nó a dhá chois a cheangal de ghéaga dha chrann i dtreo, nuair a sceinnfeadh an dá ghéag go hobann ó chéile, go stracfaí an fear bocht ina dhá leath. Nuair a chuimhním ar na nithe sin agus ar na seomraí céasta a bhí nach mór chomh coitianta fadó is atá garáistí anois tagann meas mór agam ar ghaingstéirí na haimsire seo – daoine uaisle Críostúla is ea iad i gcomparáid le ropairí na sean-aimsire – agus bím buíoch de Dhia nár lig dom teach tar an saol go dtí an aimsir seo. An uair fheiridh a mharbhas cearc ní mór ná gur iompaigh mo ghoile orm. B’éigean dom gloine fuiscí a ól ina dhiaidh agus thugas mo mhóid gan scórnach ainmhí a ghearradh arís. Measaim go bhfuil daoine gur gráin leo danarthacht is dortadh fola ag iomadú go tiubh agus nuair a bheid líonmhar a ndóthain go n-imeoidh pionós an bháis is cogaí as an saol ar fad. Má deir éinne gur comhartha matachta é sin deirim nach fíor é. Thuas aghaidh ar an mbás go neamh-eaglach níos mó ná uair amháin agus ní hannamh a d’fhulaingeas pianta géara le foighne. Is comhartha é go bhfuil an cine daonna ag tréigean na barbarthachta fé dheireadh. Tiocfaidh lá agus déarfar inár dtaobh-na, leis, gur dhream cruálta barbartha sinn – mar gheall ar choirpigh a chur i bpríosún, cuir I gcás, in ionad a ngalair aigne a leigheas in ospidéil speisialta.

Creideamh is Carachtar na nAzteiceach

Má b’fhéidir le Críostaithe a bheith chomh barbartha is a dúrt, d’ainneoin gurbh í an charthanacht príomh-phrionsabail a gcreidimh conas a bheadh náisiún go n-aithneodh a gcreideamh dóibh an chruáltacht a chleachtadh? Ta freagra scanrúil na ceiste sin le fáil sa leabhar a luadhas. Léighimid ann gurbh í an ghrian ard-dia na nAzteiceach agus go n-íobairtí daoine dhó gach lá ó cheann ceann na bliana. Daoir is cimí cogaidh is mó a d’íobairtí, na céadta agus na mílte acu in aghaidh na bliana. Bhí cosúlacht fhoirmealach idir creideamh an nAzteiceach is an creidreamh Caitliceach. Bhíodh “faoistin” is “comaoin” acu. Tar éis “faoistine” dhuit b’fhéidir gurb é ‘breith aithrí” a thabharfaí ort daor a bhronnadh ar na sagairt chun é a íobairt. Chaithfeá “fuil agus feoil” an dia sa “chomaoin,” eadhon, arán is fuil leanbh measctha thríd. Más fíor an cuntas a chonaic na Spáinnigh feoil leanbh á díol sa tsaghas siopaí a bhí acu. B’ionadh leat a léamh gur dhaoine sibhialta tuisceanacha iad agus daoine cróga. Bhí an-fhulaingt acu ar gach sort péine agus pé brón nó pé áthas a bheadh ar dhuine dá bhfearaibh ní bheadh a fhios agat é mar choimeádaidís a leithéid sin de smacht orthu féin ná cuireadh corraí croí ná aigne san athrú ar a gceannaithe. Ina theannta san, thugaidís cothrom na Féinne dá namhaid i lár Catha mar a dheineadh na Gaeil fadó. B’ait an dream iad gan aon dabhr. Mar gheall ar a gcreideamh danartha, áfach, bhí lúcháir orm gur chloígh na Spáinnigh iad, ach ní díograis chreidimh ach dúil san ór an tréith ba threise iontu san. Ní fheadar a raibh móran óir ag na hAsteicigh. Is cinnte, ámh, ná raibh meas ar bith acu air.

Feabhar ar stíl

Toisc an cuntas san agus cuntas Sir James G. Frazor a bheith léite agam ní raibh fonn mór orm “An Finn‑Dia,” aistriú Mhichíl Uí Ghríobhtha ar “The Fair God,” le Lew Wallace, a léamh agus nuair a thuas fé ndeara go raibh breis is 700 leathanach ann bhíos chun é a chur i leataoibh go dtí am éigin eile – an té ná fuil ina Dhostoievki níl aon cheart aige scéal chomh fada san a scríobh. Léigheas tuairim is 150 leathanach de. Cuid de na lochtaí a fuaireas sa dá aistriú eile a dhein Micheál, chím sa leabhar so, leis, iad ach ní bhacfad leo. Tá sé imithe i bhfeabhas ar shlite. Measaim go bhfuil a stíl níos sleamhaine ná mar a bhí agus, stracfhéachaint dar thugas ar chuid de na caibidlí deiridh, shonraíos míreanna ann atá ar áilleacht: friotal uasal liteartha agus gluaiseacht tapaidh. Dá éagmais sin is léir go bhfuil sé a d’iarraidh abairtí atá ró‑chaite a sheachaint. Ar mo nós féin, thuirsigh mé de bheith ag síorscríobh “tháinig áthas air” is a leithéid. Is leis, mar mhalairt, “ghabh áthas (fearg, etc.) é.” Lorgaíonn is scríobhann sé focail ná fuil le fáil ach sa bhfoclóir dar liom agus i dtaobh is nach maith liom é mar nós nuair a téitear ró-fhada leis, ní féidir liom gan é a mholadh mar gheall air.  Ní bheidh rath ar an litríocht nó go scorfaidh na scríbhneoirí den drochnós atá acu, nó ag a lán acu, eadhon, an chéad ní ar a gcuimhníd a chur síos.

Tá achrann grá, éad, comhrac sa scéal so agus fiú uaimh iontach fé thalamh ina maireann cailín beag go sásta gan aithne ná caidreamh aici ar éinne ach a hathair (más é a hathair é) agus sílim go dtaitneoidh sé go seoigh le formhór lucht na Gaeilge, go mór mór an chuid acu atá óg is dúil acu in eachtraí aduaine. Cé gur leabhar mór é níl air ach leathchoróin.

Sampla

Seo sampla chun a thaispeáint gur fíor a dúrt i dtaobh an t-aistritheoir a bheith ag tréigean ráite seanchaite (leath. a 83):-

“Do ghlac gaiscidhigh an dé ionad in iarthar an réidhleáin agus do ghlac gaiscidhigh na tairgseana ionad sa taobh thoir. Do chuir an sluagh mórán spéise i suidheamh na dtrodairí, mar do cheapadar go mbeadh buntáistí ag drean acu ar an ndream eile dá mbuailtí an cath i gcómhrac aonfhir.

“Do réir aoise agus deilbhe do cheapthas gurbh iad na Tlascalaigh an dream ba bhaoghalaighe de na tairgtheoirí; agus b’fhuiris an breithiúnas san do ghlacadh mar bhí na Tezcuach agus an tzin ar an dtaobh san . . .”

Tá an chaint sin díreach símplí so‑thuigthe gan aon chora cainte casta ilfhillte ann. Mar sin a scríobhadh ár sinsear. Is usa a gcuid próis a léamh ná a lán den phrós a scríobhtar anois. Ní hionann Gaelachas agus castaíocht.

Leave a Reply

Your email address will not be published.