Nuacht

Ceo

Údar: Miguel de Unamuno (1864-1936)
Teideal: Niebla
Aistritheoir: Risteárd Mac Annraoi
Corcaigh 2020

Scéal eile aistrithe go Gaeilge ag Ristéard Mac Annraoi. An t-am seo, is ceoscéal greanntragóideach a chuirtear os ár gcomhair, a scríobh Miguel de Unamuno i Spáinnis in 1914.

Tugtar blaiseadh maith den scéal sa bhlurba, mar a fheictear anseo:

An Scéal

N’fheadair Augusto Pérez, laoch nó frithlaoch an úrscéil seo, cad atá roimhe agus é ag teacht go doras a thí ar mhaidin cheobhránach. Tá sé i gcás idir dhá chomhairle mar a bhíonn i gcónaí. Níl ina chaidreamh le daoine eile nó acu siúd leis ach bréaga agus cluichí. An é nach bhfuil ina shaol ach taibhreamh i gcloigeann údar an scéil, nó nach bhfuil san údar féin ach taibhreamh de chuid Pérez? Fágtar an focal scoir faoina mhadra Orfeo a thugann a aitheasc ciúin cois uaigh a mháistir.

Ceoscéal

Ní ‘úrscéal’ é seo ach ‘ceoscéal’ mar a thugann an t-údar Unamuno ar an tsaghas cumadóireachta a bhí ar siúl aige. Is maith a oireann an focal ‘ceo’ dó agus meascán mearaí ar na carachtair go léir ann. Éacht ceannródaíochta ab ea a cheoscéal sa litríocht nua-aoiseach a tháinig chun cinn ag tús na 20ú haois i dtíortha Eorpacha éagsúla. Baineann an t-úrscéal seo le ceist aitheantais is le ciall na beatha i bhfianaise an duibheagáin. Léirítear síorimní an duine aonair ann.

An tÚdar

Fear mór i saol na fealsúnachta, na litríochta is na polaitíochta ab ea Miguel de Unamuno (1864-1936). Tá ag méadú ar a cháil san Eoraip i gcónaí. Saolaíodh é i mBilbao i dTír na mBascach. Bhí sé mórtasach as a dhúchas Bascach ach ba mhór leis an Spáinnis is a cuid litríochta. Ba dhuine ildánach uileghabhálach é, duine ar leith. Éalaíonn sé ó na laincisí a chuirtear air. Bun is barr a chuid fealsúnachta is ea contrárthachtaí dosháraithe an duine dhaonna.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *