Athchló

Caoineadh Eoin Mhic Úrien

Aistritheoir: Pádraig Ó Fiannachta.
Bunteanga: Breatnais.
Bunteideal: Canu i Urien Reged.
Údar: Taliesen.
Céadfhoilsiú: Feasta, Meitheamh 1961.

Taliesin a chum an caoineadh seo ar bhás Eoin Mhic Úrien sa chogadh i gcoinne Sacsain Northumbria sa séú aois. Filíocht shiollach le comh-ard i ndeireadh na línte atá sa dán bunaidh, rud a leanaim chomh cruinn agus is féidir liom.

Ar anam Eoin Mhic Úrien, déan a Thiarna trócaire!
Rí Rheged san úir uainn – nach leor de chúis olagóin sin?
Cillín cúng is dún don fhlaith gur spréachnaigh airm mar lóchrainn.
Tá Llawenydd ina baintreach sheasc: do chaill sí faraire cróga,
Corrán buainte i ngort na nGall, dúchas teann na laoch-bhfoirne.
Níor chrua le hEoin codladh, ná coscar-bhás Mhic an Tóiteáin.
Codlaíonn mothlua de Shacsain is coinneal ina súile reoite!
Cur ina aghaigh i gcath nó i dtreas, droch-sheasamh is easpa comhairle;
Caoire á gcrá ag faolchú, namhaid á réabadh ag Eoin groí.
An t-óglach taibhseach tairpeach, do bhard a dháileadh stór maith.
Le díograis do bhailíodh spré, le neart grá Dé do dheoladh.
Ar anam Eoin Mhic Úrien, déan a Thiarna trócaire.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *