Léirmheas

Jabberwock

Aistritheoir: Nicholas Williams
Foilsitheoir: Coiscéim (2001)

Léirmheastóir: Antain Mac Lochlainn
Is cuid d’alt é seo ar ealaín an aistriúcháin a foilsíodh in Comhar, Iml. 72, Uimh 5 (Meith. 2012)

EIPIC RAIMÉISE

Carroll a chum an dán raiméise ab iomráití riamh — mugadh magadh de dhán laochais a chuireann síos ar mharú an arrachta uafásaigh sin, the Jabberwock. (Breac isteach ‘Lewis Carroll Jabberwocky poem with text’ i mbosca cuardaigh You Tube agus cloisfidh tú leagan breá bríomhar den ‘eipic’.) Tá ealaín sa dán, agus loighic aisteach dá chuid féin. Thugadh Carroll le fios dá gcairde gur leagan de sheanbhailéad Angla Shacsanach é, agus gur mar gheall air sin atá a oiread sin focal anaithnid ann. Is beag a shíl sé go leathfadh cuid de na focail sin isteach sa ghnáthchaint – chortle an sampla is clúití. Dá shaoithiúla é mar dhán, ní féidir a mhaíomh go bhfuil Jabberwock iomlán gan chiall. Tá scéal ann. Is fíor nach dtuigimid focail áirithe ach, ar bhealach éigin, tuigimid astu. Is dócha go raibh an ceart ag foireann fhoclóir Collins a rá gur meascán de chuckle agus snort atá in chortle, cuir i gcás.

Tá sé de chlú ar Jabberwock gur dán ‘do-aistrithe’ é. Níor dheacair é a athchóiriú nó a athscríobh, ach ní aistriúchán sa chiall is cruinne den fhocal a bheadh ina leithéid sin, ach dán úrnua. On uair a foilsíodh Jabberwock, bhí aistritheoirí ar fud na cruinne ar a ndícheall ag iarraidh aistriúchán ceart críochnúil a dhéanamh.

B’ait leat, b’fhéidir, teoiriceoirí a bheith ag caint ar ‘chur chuige eolaíoch’ chun raiméis a aistriú. Tá a leithéid ann, áfach. Luamar cheana an t-ainm ‘Wackford Squeers’ i saothar Dickens. Seans nárbh inmholta ainm magúil den chineál sin a aistriú, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil sé do aistrithe. Ní ‘focail’ iad wackford ná squeers ach níl siad folamh ó chiall. Tá ‘siombalachas fuaime’ i bhfóiméimí an ainm. Is ar whack a smaoinímid i dtosach. Maidir le squeers tagann squint agus queer chun cuimhne. An mbeadh ‘Smitín de Splincéir’ ina aistriúchán comhéifeachtach Gaeilge? Nó ‘Smíste Mac Corrdhuine’?

Mar an gcéanna leis an bhfocal ‘do-aistrithe’ jabberwock. Cad air a smaoinímid nuair a chloisimid jabber? Focal ‘dlisteanach’ é sin ar féidir é a shainmhíniú: ‘to speak or say rapidly, incoherently, and without making sense; chatter.’ (Collins) Bheadh ‘geabaireacht’ nó ‘geab’ na Gaeilge gar go leor dó sin agus féach gur shocraigh Nicholas Williams leas a bhaint as ina leagan Gaeilge den dán, ‘Geabairleog’ (In Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi, Coiscéim, 2004).

Is aistriúchán ceart an leagan a rinne Williams ar ‘Jabberwock’, murab ionann agus dán úrnua nó athleagan agus is fiú é a thabhairt ina iomláine thuas. Bhí sé ag tarraingt ar acmhainní iomlána na Gaeilge agus é i ngleic leis an dán ‘do-aistrithe’. Bhí meas aige ar snicker-snack agus ar tulgey ionann is gur focail choinbhinsiúnacha iad a gheobhfá i bhfoclóir ar bith. Go deimhin, déanann sé traslitriú Gaeilge ar chuid acu, mar a dhéanfá le focail iasachta. Cuireann sé casadh i nathanna seanbhunaithe ar nós ‘a mhic mo chléibh’ (‘a mhic mo bhéibh’). Baineann sé leas ealaíonta as focail onamataipéacha (‘plobaireacht’) agus as dúblóga uamacha (‘slis sleais’) den saghas atá an-choitianta i dtraidisiún grinn na Gaeilge. Chuir Williams eagar as an aor iontach úd Pairlement Chloinne Tomáis agus bheadh eolas aige ar sheoda grinn eile de chuid litríocht na Gaeilge.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *