Léirmheas

Don Cíochóte

Aistritheoir: An tAthair Peadar Ua Laoghaire
Foilsitheoir: Brún agus Ó Nóláin (1922)

Léirmheastóir: Cnuimh Leabhar

Foilsíodh an léirmheas seo cheana i Misneach an 1 Deireadh Fómhair 1921

Is féidir athchló an aistriúcháin a léamh ach cliceáil anseo


Tagann gach maith le cairde. Tá “Don Cíochóté” an Athar Peadar againn ar deireadh, agus do b’fhiú feitheamh leis cé ná fuil ann ach cuid a haon, ar eagla ná tuigfeadh daoine cad is brí leis an dteideal, déarfaidh mé ano gurb é fuaim a thugann an Spáinneach le Don Quixote é – an leabhar cáiliúil a scríobh Miguel de Cervantes Saavedra sa mbliain 1605. Ach cad ina thaobh don Athair Peadar cor san a thabhairt don ainm sa Ghaeilge? Inseann sé féin dúinn cad ina thaobh sa réamhrá beag atá leis an leabhar – Spáinneach a bhuail leis timpeall aon bhliain déag ar fhichid ó shin, nuair a bhí sé féin “thiar i gCill Chaoi ag an sáile,” nár thuig cad a bhí ar bun aige nuair a thrácht sé leis ar Don Quixote, ag rá na hainme de réir fuama an Bhéarla.

Sárú an Bhíobla

Tá an leabhar beag curtha in eagar ag Conall Cearnach; nótaí, foclóir agus réamhrá gearra. Sá réamhrá tá cur síos aige ar an aistriúcháin a dineadh ar an scéal ó céadscríobhadh é. Sa Bhéarla do dineadh an chéad aistriú air sa mbliain 1612, agus ó shin i leith níl aon teanga san Euróip nár dineadh aistriú air inti chomh minic sin gur féidir a rá go sáraíonn sé Imitatio Christi nó an Bíobla féin. Ach tá tosach ag an nGaeilge ar na teangacha Ceilteacha eile, mar go dtí seo níor dineadh aistriú ar an scéal in aon cheann acu. Tá an chreidiúint sin ag dul don Athair Peadar. Deir Conall Cearnach gur fearr, ar shlite, an insint Ghaeilge ná an buntéacs féin, agus tugann sé teaspána uaidh leis an dtuairim sin. Níor léigheas an Spáinnis bhunúsach riamh, ach do léigheas an Béarla, agus más aistriú fíreannach ar an Spáinnis é sin – well, ní haistriú an Ghaeilge ach athinsint, agus ciorraithe go maith ina theannta san.

Insint Shuáilceach

Ach fágaimis súd mar atá. Is cuma cé acu aistriú dílis é nó a mhalairt, tá insint an Athar Peadar ana-shuáilceach agus taitneamhnach a léamh. Ní gá moladh a dhéanamh ar scríbhneoireacht an Athar Peadar anois mar tá aithne ró-fhairsing uirthi, ach tar éis “Don Cíochóté” seo a léamh dom déarfainn go bhfuil sé ar na nithe is fearr do dhin sé riamh. Níl de locht air ach a laghad, mar níl sa chéad chuid seo ach leabhar amháin de sna cheithre leabhair atá i gcuid a haon den scéal bunaidh, agus an leabhar san féin ciorraithe leis. Má dhin an tAthair Peadar a tuilleadh de a aistriú ba cheart é a chur i gcló gan mhoill.

Cabhair don Mhac Léinn

Tá mac léinn na Gaeilge fé chomaoin mhór ag an Athair Peadar. Mura mbeadh a leabhra, is suarach a mbeadh aige chun cabhraithe leis i bhfoghlaim na teanga. Agus ní hé cuid is lú den chabhair an t-eagar maith atá déanta ar na leabhra san maidir le foclóirí agus nótaí gan an litriú simplí a bhac. Tá an leabhar so curtha in eagar go maith, leis, foclóir agus nótaí maithe ann, agus ina theannta san cur amach air sa litriú simplí a dhéanfaidh eochair mhaith don mhac léinn ar an bhfuaim. Trí raolacha a fhiacha (scilling an litriú simplí) agus Brún agus Ó Nóláin, Teor., Áth Cliath a d’fhoilsigh é.

Cnuimh Leabhar

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *