Léirmheas

Titeann Rudaí as a Chéile

Aistritheoir: Irene Duffy Lynch
Foilsitheoir: Coiscéim

Léirmheastóir: Pól Ó Muirí

Foilsíodh an léirmheas seo cheana ar Tuairisc.ie

‘Titeann Rudaí as a Chéile’ – úrscéal breá domhanda Chinua Achebe ina úrscéal breá Gaeilge

Aithneoidh léitheoir ar bith le Gaeilge scéal na Gaeltachta agus scéal na hÉireann san aistriúchán atá déanta ar ‘Things Fall Apart’ le Chinua Achebe

Níor cheart tosú ag deireadh an scéil – ach tosaímis ag deireadh an scéil:

Ansin thángadar chuig crann a raibh corp Okonkwo ar crochadh as, agus stopadar ina stangairí. “An gcuideoidh do chuid fear é a thógáil anuas agus a adhlacadh?” arsa Obierika. “Táimid tar éis cur faoi dhéin strainséirí ó shráidbhaile eile chun é a dhéanamh dúinn, ach b’fhéidir go mbeidh siad i bhfad ag teacht.” D’athraigh an Coimisinéir ar an toirt … “Cad chuige nach féidir libh é a thógáil anuas sibh féin,” a d’fhiafraigh sé.

“Ní cheadaíonn ár ngnása é,” a dúirt duine de na fir. “Is urghráin é do dhuine lámh a chur ina bhás féin. Is oilbhéim é i gcoinne an Talaimh agus an té atá ciontach ann, ní chuirfidh a mhuintir féin i dtalamh é. Is díol urchóide é a chorp, agus ní féidir ach le strainséirí teagmháil leis.”

Agus sin críoch Okonkwo, laoch an scéil, bás uaigneach – ach, murab ionann agus Cú Chulainn, ní ag an áth a thit sé roimh a naimhde ach ó chrann as a radharc. Bás truamhéalach, bás nach dtuilleann seanchas dó, bás a thugann ar a chairde cléibh a chorp a sheachaint agus cuidiú a iarraidh ar naimhde.

Tá mórán sa sliocht beag sin a thugann léargas ar fhiúntas an úrscéil, Things Fall Apart le Chinua Achebe atá aistrithe go healaíonta ag Irene Duffy Lynch, bean de bhunadh Mhaigh Eo. (Is breá liom, dála an scéil, gur ‘adhlacadh’ atá ag an aistritheoir agus ní ‘cur’ sa sliocht thuas. Dúradh liom riamh anall go gcuireann tú crann ach gur adhlacadh a thuilleann daoine.)

Aithneoidh léitheoir ar bith le Gaeilge scéal na Gaeltachta agus scéal na hÉireann sna línte beaga féin sin. Nach iomaí sin duine de phobal na hÉireann a crochadh in imeacht aimsire, de bhallaí Dhoire agus i dTúr Londan, gan ach dhá láthair áir a lua? Sea, níor chroch siad iad féin ach tuigeann tú, faoi dheireadh an scéil, cad chuige a ndearna Okonkwo an rud a rinne sé. Chuir sé lámh ina bhás féin ach bhí lámh eile ann, lámh láidir, a chairt siar cosán a chrochta é.

Ach b’fhéidir go bhfuil mé ag déanamh éagóra ar Okonkwo as é a chur i gcomparáid le Cú Chulainn, b’fhéidir gurbh fhearr an chomparáid leis an Ghasúr Mhór, carachtar atá le fáil i scéalta Sheáin Bháin Mhic Mheanman, scríbhneoir Conallach a shaothraigh sna 1920í: ‘Nuair nach raibh an Gasúr ach cúig bliana déag, bhuail sé smitín dá chiotóig ar ghamhain a bhí ag bradaíl fán doras. Thit an ghamhain marbh ar an bhall.’

An iomrascáil a bhain clú agus cáil amach d’Okonkwo: ‘Agus é ina fhear óg ocht mbliana déag d’aois, bhain sé onóir dá shráidbhaile nuair a chaith sé Amalinze an Cat go talamh. Iomrascálaí mór le rá ab ea Amalinze nár chlis air le seacht mbliana…’

Ach, faraor, dá fheabhas é Okonkwo i mbun iomrascála leis an duine aonair, níl sé in ann greim mar is ceart a fháil ar na fir láidre a thagann chuige ar ball, fir na n-arm tine agus a gcuid giollaí, fir nach ndéanann iomrascáil leat, duine ar dhuine, ach fir a léimeann ort ar nós madadh fiáin.

Tá an meas ar thalamh ann agus an aird ar rialacha seasta an phobail – ár ngnása – a chuirfeadh saol phobal na Gaeltachta i gcuimhne duit. Tá luach ar leith ar thalamh mar is as an talamh a thagann gach aon rud maith, bia.

Amharc fosta mar a loiceann an talamh orthu: “Ansin tháinig laghdú ar dhásacht na báistí, ach lean sí ó lá go lá gan stad. Níor tháinig an gealán gréine a thagadh i lár an tséasúir fhliuch i gcónaí. D’fhás duilleoga borba, ach bhí a fhios ag gach feirmeoir nach bhfásfadh na tiúbair in éagmais na gréine. An bhliain sin, bhí an fómhar brónach ar nós sochraide, agus chaoin mórán feirmeoirí nuair a bhain siad na hionaim lofa.”

Fómhar brónach na sochraide! Ar mhothaigh tú an t-amhrán sin roimhe; an pobal beo bocht i muinín na n-acraí gortacha le bia a fháil agus an tubaiste a leanann drochfhómhar? Seans go n-aithníonn tú cuid de na focail san aistriúchán bhreá seo. Gealán? Báisteach? Scríobh duine eile de scríbhneoirí móra na Gaeltacha, Séamus Ó Grianna, scríobh sé leabhar a raibh Cith is Dealán air. Sea, cinnte, meon an duine, grá agus crá, a bhí i gceist aige ach amharc gur mhair pobal Chinua Achebe faoin ghréin chéanna. (Agus amharc ar an mheas atá ag an phobal ar an teanga labhartha: ‘Cainteoir den scoth ab ea Okoye…’)

Sea, go cinnte, scéal de chuid na hAfraice atá ann agus scéal de chuid na hÉireann fosta. An laige a bhain le mórán de scríbhneoirí na Gaeltachta san am atá thart gur éirigh leo cur síos a dhéanamh ar a raibh ag tarlú dá bpobal ach níor scríobh siad go soiléir faoi chúiseanna na tragóide. Chonaic Chinua Achebe na nithe céanna agus a chonaic siadsan; is é an difear is mó gur thuig sé do na cumhachtaí a bhí ag lúbadh a chultúir as riocht.

Léigh mé an t-úrscéal seo fadó fadó i mBéarla. Ní dócha go léifinn arís é murach gur i nGaeilge a tháinig sé chugam an iarraidh seo.

Is maith gur tháinig. Úrscéal breá domhanda agus úrscéal breá Gaeilge atá anois againn.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *