• Nuacht

    Aistriúcháin de dhánta á lorg

    Tá aistriúcháin de dhánta le filí, ar mhná nó daoine neamh-dhénártha iad, atá imithe ar shlí na fírinne, á lorg ag an iris Modern Poetry in Translation le haghaidh eagráin speisialta ar an ábhar sin. Tá gach eolas le fáil anseo: Submissions Ár mbuíochas le Gabriel Rosentock as an scéala seo a chur chugainn.

  • Nuacht

    Scéilíní Anall

    6 aistriúchán spéisiúla eile curtha leis an mbunachar ón leabhar Scéilíní Anall a chuir Conradh na Gaeilge amach sa bhliain 1920 de bhun chomórtas aistriúcháin an Oireachtais. D’aistrigh Risteárd Ó Foghludha 3 cinn acu: Matéó Falcone  – ‘Mateo Falcone le Prosper Mérimée An tUrchar Piostail  – ‘ Le Coup de Pistolet’ le Prosper Mérimée Rí Rá na Pláighe Fola  – ‘The Mask of the Red Death’ le Edgar Allen Poe  D’aistrigh Seán Tóibín na 3 cinn eile: An ‘Sergeant’ Mór – ‘The Fell Sergeant’ le Niall Mac an Rothaich Móin na…

  • Léirmheas

    Amú

    Aistritheoir: Máirín Ní MhartaFoilsitheoir: Futa Fata Léirmheastóir: Beití Ní DhuibhirFoilsíodh an léirmheas seo cheana anseo ar childrensbooksireland Buachaill óg is ea é Oisín atá curtha i gcampa ceartúcháin i nGaineamhlach Ghóibí  ag a cuid tuismuitheoirí   agus iad ag súil le feabhas a chur ar a iompar.  Lá éigín socraíonn sé éalú ón gcampa ach  ní mar shíltear a bhítear amuigh i nGaineamhlach Ghóibí . Bíonn an saol amuigh ansin  ní ba chontúirtí agus ní  ba dheacra ná mar a shamhlaigh sé. Casann sé le cailín óg aon bhliain déag d’aois…

  • Leabhair Leictreonacha

    Muintir Duibhlinne

    Tá aistriúchán ar an leabhar Dubliners le James Joyce le fáil anois ar archive.org anseo le Domhnall Nagreine mar aon le réamhrá agus nótaí míniúcháin ar ghnéithe den bhuntéacs agus den aistriúchán. Tréaslaímid a shaothar aistriúcháin leis! Is iontach go deo gur chuir an t-aistritheoir a shaothar ar fáil. Tá an comhad .odt (is féidir a oscailt le MS Word) le fáil ag an nasc thuas chuig archive.org nó is féidir é a íoslódáil anseo: