Nuacht
Nuacht faoi chúrsaí Aistriúcháin
Walker Éireann
Is féidir éisteacht anseo le podchraoltaí fuaime ina gcloistear Gabriel Rosenstock ag léamh aistriúchán do leanaí a rinne sé do Walker Éireann. Áis iontach í seo do dhaoine a bhfuil na leabhair acu agus ar mian leo éisteacht leis an aistritheoir féin á léamh go hanamúil do léitheoirí óga.
Seimineár ar Aistriú SP-GA
Seoltar teachtaireacht ríomhphoist chuig Ailbhe Nic Giolla Chomhaill ag ailbhe.nicgiollachomhaill@ul.ie d’fhonn clárú don seimineár seo.
Gearrscéalta an Chadhnaigh á bplé
Féachtar an fógra faoi iamh maidir leis an bplé a bheifear a dhéanamh ar ghearrscéalta an Chadhnaigh. Cé nach aistriúcháin iad, aistríodh cuid dá ghearrscéalta agus n’fheadar ach go bhféadfaí a bplé sin chomh maith nó cén chaoi a dtabharfaí faoi na gearrscéalta a aistriú.
Ceo
N’fheadair Augusto Pérez, laoch nó frithlaoch an úrscéil seo, cad atá roimhe agus é ag teacht go doras a thí ar mhaidin cheobhránach. Tá sé i gcás idir dhá chomhairle mar a bhíonn i gcónaí. Níl ina chaidreamh le daoine eile nó acu siúd leis ach bréaga agus cluichí.
Stair na Fealsúnachta
‘Tá féith na fealsúnachta sa Ghaeilge féin; tá de bhua aici taibhsí na teibíochta a scuabadh as radharc láithreach bonn. Bhí géarghá le fada le stair cheart chuimsitheach na fealsúnachta i dteanga na nGael. Déantar iarracht san aistriúchán go Gaeilge freastal ar an éileamh sin a bhíonn ag síormhéadú.'
Deontas Aistriúcháin GA-EN
Deontas don Aistritheoir / Foilsitheoir Eagraíonn PEN Shasana clár aistriúcháin gach bliain lena gcuirtear deontais ar fáil do shaothar a aistrítear go Béarla. Is ar an bhfoilsitheoir agus ar an aistritheoir atá na deontais dírithe. Thacaigh PEN Shasana le saothar Gaeilge cheana agus ba bhreá leo é sin a dhéanamh arís. Is é Will Forrester atá in mbun an tionscadail. Dhá fhuinneog atá ann i gcomhair iarratas gach bliain, ceann amháin acu i nDeireadh Fómhair-Samhain.Is gá, áfach, go mbeadh an foilsitheoir lonnaithe i dTuaisceart Éireann, in Albain, i Sasana nó…
Socraitéas, ar a chosaint féin
Tá an 'Apologia' ar cheann de na hóráidí is cáiliúla i stair intleachtúil agus liteartha an chine dhaonna.
Táinseamh Chatilína
Údar: CiceroAistritheoir: Dómhnall Ó MathghamhnaAthfhoilsiú: Risteárd Mac Annraoi Tá Risteárd Mac Annraoi tar éis leabhar nua a thabhairt ar an bhfód, mar atá aistriúcháin a dhein Dómhnall Ó Mathghamhna ar óráidí Cicero. Sa Sunday Independent a foilsíodh iad ina sraith breis is 90 bliain ó shin, ach is féidir linn a léamh arís anois a bhuí le Risteárd. Tá an méid seo le léamh ar chúl an leabhair: Saolaíodh Marcas Túillias Ciceáro (106-43 RCh.) i mbaile mór darbh ainm Appinium. Polaiteoir, fealsamh agus scríbhneoir ab ea é. Tá sé ina…
Léirmheas ar “This Road of Mine”
Is féidir léirmheas le Gabriel Rosenstock ar an leabhar “This Road of Mine” – leagan Béarla Mhíchíl Uí Aodha de leabhar Sheosaimh Mhic Grianna “Mo Bhealach Féin” – a léamh anseo anois. Tugann an léirmheastóir comhthéacs don mbunleabhar agus don aistriúchán nua seo, araon.
“Rí na Sióg” ón nGearmáinis
Féachtar agus éistear leis an léiriú breá a dhéanann Eoin McEvoy ar dhán Gearmáinise ón ochtú haois déag a d’aistrigh sé go Gaeilge agus a d’fhoilsigh sé anseo ar youtube.