-
“In Inse Gall” ón mBéarla
D’imigh an oíche ar chos in airde sa tigh sin an chaithimh aimsire. Bhí scéal agus rince ann, gach re turas.
-
“Beirt Gharsún” ón bhFraincis
Bhí Séamuisín ina sheasamh idir dhá lí de dhoras a bhotháin ag síorfhaire orthu.
-
“Garraí Phroseirpín” ón mBéarla
Aistritheoir: An tAthair Pádraig de BrúnBunteanga: BéarlaBunteideal: The Garden of ProserpineÚdar: Algernon Charles SwinburneCéadfhoilsiú: Fáinne an Lae, an 15 Nollaig 1923
-
“Bosca na Litreach” ón bhFraincis
Tháinig an litir seo chomh fada le San Filimin an lá céanna is a tháinig na héanacha óga chun baile, le dua agus le deacracht do sádh isteach sa mhosca í.
-
“Rún an Mhuilteora” ón bhFraincis
Aistritheoir: Fiachra Éilgeach (Risteárd Ó Foghludha)Bunteanga: FraincisBunteideal: Le secret de maître CornilleÚdar: Alphonse DaudetCéadfhoilsiú: Fáinne an Lae, an 17 Márta 1923 Seanfhear faidhfe a bhuaileann chugam ar cuairt anois is arís, ba é a d’inis dom an oíche faoi dheireadh eachtra a ráinig fiche bliain éigin ó shin go raibh baint aige leis an muileann seo agamsa. Do luigh a scéal go mór orm, agus táim ag iarraidh é a bhunú ar an gcuma inar chuala féin é. Ceapaigí? agaibh, mar sin, mórnán den bhfíon cumhra a bheith i láthair gach…
-
“I measc na mBláthannaí” ón bhFraincis
Seomra deas glan a bhí ann, solas breá ann agus é lán bláthannaí ó chúl go doras. Bhí iontas ar Jeanne Lenoir a leithéid de sheomra a fheiceáil i ndiaidh an staighre cúng dorcha a bhí ag tarraingt air.
-
“Solas na Gealaí” ón bhFraincis
An t-ainm a bhí ar an Ab Margnáin ainm catha ba ea é agus bhí iompar an tsagairt dá réir. Fear fada, caol, dúr nár mhaolaigh a dhíograis uair ar bith a bhí ann. Bhí a choinsias mar an gcéanna agus níor thaise dá chreideamh.
-
“Hata Sheáin Mhic Eoin” ón mBreatnais
Is minic a chuala baint mhór a bheith ag an aigne le sláinte nó easláinte an choirp agus tá a lán den fhírinne sa mhéid sin. Seo duit scéal atá chomh fíor leis an bpaidir.
-
“An Fiabhras Breac” ón Rúisis
Oifigeach óg airm darbh ainm Climobh a bhí ag triall ar Mhoscó ó Phetrograd i gcarráiste i gcomhair tobac de thraein mhálaí an phoist.
-
“Culaith an Impire” ón Danmhairgis
Impire a bhí ann fadó agus ní bhíodh aon ní ag déanamh buartha dhó ach feabhas a chuid éadaigh. Do scaipeadh sé a raibh d’ór is d’airgead aige ar chultacha breátha táireacha ornáideacha a chuirfeadh ionadh ar an bpobal. Níor chuir sé suim i gcúrsaí armála; agus ba bheag é a dhúil in sna hamharclanna.