-
“I measc na mBláthannaí” ón bhFraincis
Seomra deas glan a bhí ann, solas breá ann agus é lán bláthannaí ó chúl go doras. Bhí iontas ar Jeanne Lenoir a leithéid de sheomra a fheiceáil i ndiaidh an staighre cúng dorcha a bhí ag tarraingt air.
-
“Solas na Gealaí” ón bhFraincis
An t-ainm a bhí ar an Ab Margnáin ainm catha ba ea é agus bhí iompar an tsagairt dá réir. Fear fada, caol, dúr nár mhaolaigh a dhíograis uair ar bith a bhí ann. Bhí a choinsias mar an gcéanna agus níor thaise dá chreideamh.
-
“Hata Sheáin Mhic Eoin” ón mBreatnais
Is minic a chuala baint mhór a bheith ag an aigne le sláinte nó easláinte an choirp agus tá a lán den fhírinne sa mhéid sin. Seo duit scéal atá chomh fíor leis an bpaidir.
-
“An Fiabhras Breac” ón Rúisis
Oifigeach óg airm darbh ainm Climobh a bhí ag triall ar Mhoscó ó Phetrograd i gcarráiste i gcomhair tobac de thraein mhálaí an phoist.
-
“Culaith an Impire” ón Danmhairgis
Impire a bhí ann fadó agus ní bhíodh aon ní ag déanamh buartha dhó ach feabhas a chuid éadaigh. Do scaipeadh sé a raibh d’ór is d’airgead aige ar chultacha breátha táireacha ornáideacha a chuirfeadh ionadh ar an bpobal. Níor chuir sé suim i gcúrsaí armála; agus ba bheag é a dhúil in sna hamharclanna.
-
Aighneas na Madraí
Ní mar sin do na madraí. Is iomaí cineál ann díobh, tá béasa éagsúla acu go léir. Bíd éadmhar le chéile, leis, agus is dóigh le gach madra agus gadhar díobh gurb é féin an té is mó tairbhe.
-
“An Fharraige Dhearg” ón bhFraincis
Lena cúig nó a sé de bhlianta d’oibrigh Marcel go dian ar ‘Aistear na Farraige Deirge’,
-
“Scéal na Srón” ón bhFraincis
Uair amháin bhí feirmeoir ina chónaí in Débhits i gcomharsanacht na Práige. Fear saibhir ba ea é agus caoi mhaith air ach go raibh sé rud beag ait ann féin. Ar chaoi ar bith bhí iníon álainn aige agus í in aois a pósta.
-
“Firín Rinn na bhFrancach” ón mBéarla
Nuair a bhíos-sa i mo gharsún chonac an rud ná faca mórán eile. Chonac rí na sí féin. Chonac, cheana thuas anso i gcaisleán Mhic Cailein Mhóir.
-
“Tigh Solais na Sanguinaires” ón bhFraincis
Ní bhfuaireas aon néal codlata an oíche sin, ach mé i mo dhúiseacht go maidin ag “anfa aduaidh is fuadach fíochmhar.”