• Fabhalscéal Fada

    An Cailín a Iompaíodh go Cloch

    Bunteideal: Bunleabhar: Aistritheoir: Aoife Ní Chonghaile Bhí cónaí ar Cacique (ciallaíonn sé seo Taoiseach) i mbaile gar do na sléibhte, agus bhí iníon aige a bhí ar cheann de na daoine ab áille ar domhan. Ba chailín álainn, béasach í. Ó cailleadh a máthair, chónaigh sí go cúthail i dteach a hathar, agus ba é an teach ba dheise sa bhaile é, toisc go mba leis an Taoiseach é. Lá amháin, d’fhág a hathair an teach chun dul chuig ceiliúradh a bhí i bhfad ó bhaile. Anseo, chas sé le bean álainn, agus…

  • Fabhalscéal Fada

    An Bréag-Phrionsa agus an Fíor-Phrionsa

    Bunteideal: Bunleabhar: Aistritheoir: Aoife Ní Chonghaile I mbrothall an tsamhraidh, bhí sé de nós ag daoine éirí luath, agus codladh ar feadh tréimhse ghearr arís ag meán lae, mar a dhéantaí i dtíortha teo. Bhí an rí díreach tar éis eirí agus é gléasta in éadaí éadroma, geala. Bhí sé ag siúl tríd an halla ar a bhealach chuig an seomra comhairle, nuair a casadh cúpla fear óg air, agus sheas duine acu amach chun labhairt leis. ‘A Shoilse, ar maidin agus muid ag imirt leadóige sa chúirt, an prionsa agus…

  • Fabhalscéal Fada

    An Triúr Deartháireacha

    Bunteideal: The Three BrothersBunleabhar: Pink Fairytale Book (1897) le Andrew LangAistritheoir: Séamus Ó Coileáin Bhí fear ann fadó, agus is fadó a bhí, agus bhí triúr mac aige, ach ní raibh de mhaoin sa tsaol aige ach an teach ina raibh cónaí orthu go léir le chéile. Bhí an cion céanna aige ar gach duine de na mic gan aon ‘pháistín fionn’ aige ina measc agus dá bhrí sin níor mhaith leis an teach, an t-aon sealúchas a bhí aige ar dhroim an tsaoil mhór, a fhágaint le hoidhreacht ag aon…

  • Athchló

    ‘An tÉan Gorm’ ón bhFraincis

    Aistritheoir: Páidín an GhleannaBunteanga: FraincisCéadfhoilsiú: Fáinne an Lae, 12 Meitheamh 1926 I lár tíre na Fraince fadó bhí fear bocht ar ar tugadh Búrdalú.  Ní raibh de shlí bheatha aige ach a bheith ag díol cás éan, a bhíodh á mbreith aige ó bhaile go baile. De bhrí gur bheag é a thairbhe, is minic a bhíodh sé gan lón maidine ná meán lae; ba mhinic dó ag gearán mar gheall ar an saol crua a bhíodh aige.  “Tá an saol seo an-chrua,” a deireadh sé.  “Is deacair ar dhuine a…

  • Nuacht

    Podchraoladh nua de chuid Litríocht Éireann

    Mo Bhealach Féin (Seosamh Mac Grianna) ǀ This Road of Mine (Mícheál Ó hAodha) Tá eagrán nua de Talking Translations, podchraoladh de chuid Litríocht Éireann, á fhógairt inniu. San eagrán seo léitear sliocht as an úrscéal dírbheathaisnéiseach, Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna mar aon le giota ón aistriúchán nua Béarla air, This Road of Mine le Mícheál Ó hAodha (The Lilliput Press). Is é Damien Ó Dónaill a léann an sliocht ón mbunleagan. Faoi mar a deir Pól Ó Muirí sa réamhrá a ghabhann leis an aistriúchán nua: “Mac Grianna knew the importance of the translator’s role in…